No, you don’t need a certificate or a diploma to prove the knowledge of your languages. You will sit the tests in the 2 languages chosen by you in the application form.
Ní bhronnfar céim/dioplóma orm go dtí tar éis an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh. An féidir liom iarratas a dhéanamh i gcónaí?
Mar riail ghinearálta, ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí íosta iontrála atá sonraithe san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise a bheith bainte amach acu faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh. Ní chuirfear san áireamh cáilíochtaí a ghnóthófar tar éis an dáta sin.
Mar eisceacht, áfach, i gcás chomórtas EPSO/AD/427/26 (Riarthóirí Céimithe – AD 5), ní mór d’iarrthóirí leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus ní mór cinneadh a bheith déanta i leith bhronnadh an dioplóma sin tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2026, gan beann ar an sprioc-am le haghaidh iarratas. Féach Iarscríbhinn III den fhógra comórtais mar a bhfuil samplaí le fáil de na cáilíochtaí íosta.
Cé na doiciméid atá ag teastáil chun a chruthú go bhfuilim incháilithe?
Baill foirne bhuana – comórtais oscailte:
Ní mór duit doiciméid tacaíochta a chur ar fáil chun an t-eolas atá dearbhaithe i d’iarratas a dheimhniú (céannacht, oideachas agus taithí ghairmiúil), mar seo a leanas:
1. Céannacht: Ní mór duit cóip de do chárta aitheantais bailí nó de do phas bailí a chur ar fáil.
2. Oideachas agus cáilíochtaí:
- Uaslódáil do dhioplóma meánscoile (i gcás comórtais AST-SC / AST) nó do dhioplóma iar-mheánscoile (i gcás comórtais AST agus AD) mar aon le liosta na gcúrsaí atá curtha i gcrích agat.
- Déan a chinntiú go bhfuil an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas san áireamh agat, de réir mar atá leagtha síos san fhógra comórtais, pointe 3.3. ‘Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre’, agus go bhfuil d’ainm, stampaí, sínithe agus sraithuimhreacha (más infheidhme) le feiceáil.
Cuir san áireamh cruthúnas ar aon tréimhse oiliúna nó oiliúint ábhartha eile atá curtha i gcrích agat, ar choinníoll go gcuireann siad le comhlíonadh na gceanglas incháilitheachta (féach an fógra comórtais).
Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.
Féach freisin: An nglactar le cáilíocht/dioplóma a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach í?
3. Taithí ghairmiúil:
Ní mór duit doiciméid a chur ar fáil a chruthaíonn cineál do chuid dualgas agus fad do thaithí. Ní chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh tréimhsí taithí oibre nach dtacaíonn sainchuntas poist leo. Tabhair do d’aire nach bhfuil aon taithí ghairmiúil ag teastáil i leith chomórtas na Riarthóirí Céimithe (AD 5).
Thíos tá roinnt samplaí de na cineálacha doiciméad is ceart d’iarrthóirí a chur ar fáil:
3.1: I gcás obair thuarastail:
- Doiciméid ón bhfostóir reatha agus ó iarfhostóir(í) ina sonraítear cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh, cuir i gcás litreacha ón oifigeach uachtarach, tuarascálacha meastóireachta ina ndéantar cur síos ar do chúraimí, do shainchuntais post a chuir d’fhostóir ar fáil, nó conarthaí ina bhfuil cuntais mhionsonraithe ar na dualgais a dhéantar.
- Conradh/conarthaí fostaíochta lena ngabhann dáta tosaigh agus dáta deiridh, nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh.
Ní mór gach doiciméad a bheith dátaithe agus d’ainm, ceanntásc oifigiúil agus stampa oifigiúil na cuideachta a bheith air, chomh maith le hainm agus síniú an duine atá i gceannas.
3.2: I gcás daoine féinfhostaithe / saorghairmeacha:
- Sonraisc, conarthaí, foirmeacha ordaithe
- Comhfhreagras ríomhphoist
- Miontuairiscí cruinnithe
- Doiciméid chánach
- Cruthúnas ar bhallraíocht i gcomhlachas gairmiúil
Eolas tábhachtach
- Is féidir na doiciméid tacaíochta a bheith in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus ní mór údar cuí a thabhairt leis an eolas a thug tú i d’fhoirm iarratais. Ní mór doiciméid tacaíochta ábhartha a bheith ag gabháil le gach iontráil i do CV (oideachas, taithí oibre); seachas sin, ní chuirfear san áireamh é.
- Is ar na hiarrthóirí atá an fhreagracht an t-eolas agus na doiciméid ar fad atá ag teastáil a chur ar fáil don bhord roghnúcháin chun go bhféadfar a fhíorú go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos san fhógra comórtais.
- Mura gcuireann tú dóthain fianaise dhoiciméadach ar fáil faoin sprioc-am atá leagtha síos san fhógra comórtais, d’fhéadfaí a mheas nach bhfuil tú incháilithe agus go bhfuil tú eisiata ón gcomórtas.
- Go ginearálta, níl aon doiciméad tacaíochta de dhíth chun eolas ar theangacha a chruthú (féach an fógra comórtais le haghaidh eisceachtaí).
- Féadfaidh sé go ndéanfar teagmháil le hiarrthóirí trí ríomhphost chun eolas breise nó doiciméid bhreise a iarraidh orthu a bhaineann le dioplóma ar leith nó taithí oibre ar leith, más gá.
Déan a chinntiú go soláthraíonn tú na doiciméid go léir atá i do sheilbh agat agus go bhfuil tú i dteideal iad a chomhroinnt. Déileálfar le do chuid doiciméad i gcomhréir lenár ráiteas príobháideachais.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an fógra comórtais, go háirithe an rannán ‘Doiciméid tacaíochta’ agus an rannán Ceisteanna Coitianta faoi Incháilitheacht.
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh
Iarrthóirí i bpróisis roghnúcháin le haghaidh baill foirne ar conradh, ní féidir leo doiciméid tacaíochta a uaslódáil lena n-iarrata(i)s ina gcuntas EPSO.
Iarrfar na doiciméid tacaíochta orthu ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó sula n-earcóidh na seirbhísí earcaíochta iad.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann doiciméid a sholáthar a thacaíonn leis an eolas a dhearbhaigh siad ina bhfoirm iarratais (cáilíochtaí, taithí ghairmiúil, etc.). Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl do na hiarrthóirí cé na doiciméid nach mór a chur ar fáil (cóipeanna nó bundoiciméid) agus cén uair nach mór iad a chur ar fáil.
Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha sonracha a chuireann seirbhísí earcaíochta ar leith i bhfeidhm. Cuirtear an t-eolas thíos ar fáil chun críoch léiriúcháin amháin.
1. Céannacht: Ní mór duit cóip de do chárta aitheantais bailí nó de do phas bailí a chur ar fáil.
2. Oideachas agus cáilíochtaí - Ní mór duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- Cóipeanna de dhioplómaí agus/nó de theastais oiliúna lena gcruthaítear cáilíochtaí oideachais
- I gcás dioplómaí nó teastais a eisíodh lasmuigh den Aontas Eorpach: ráiteas comhionannais arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid Ballstáit den Aontas
3. Taithí ghairmiúil
I gcás gach tréimhse taithí gairmiúla, ní mór na bundoiciméid seo a leanas, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a bheith ag gabháil leo chun tacú leo:
3.1: I gcás obair thuarastail:
- Doiciméid ón bhfostóir reatha agus ó iarfhostóir(í) ina sonraítear cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh, cuir i gcás litreacha ón oifigeach uachtarach, tuarascálacha meastóireachta ina ndéantar cur síos ar do chúraimí, do shainchuntais post a chuir d’fhostóir ar fáil, conarthaí ina bhfuil cuntas mionsonraithe ar na dualgais a dhéantar.
- Conradh/conarthaí fostaíochta lena ngabhann dáta tosaigh agus dáta deiridh, nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh.
Ní mór gach doiciméad a bheith dátaithe agus d’ainm, ceanntásc oifigiúil agus stampa oifigiúil na cuideachta a bheith air, chomh maith le hainm agus síniú an duine atá i gceannas.
3.2: I gcás daoine féinfhostaithe / saorghairmeacha:
- Sonraisc, conarthaí, foirmeacha ordaithe
- Comhfhreagras ríomhphoist
- Miontuairiscí cruinnithe
- Doiciméid chánach
- Cruthúnas ar bhallraíocht i gcomhlachas gairmiúil
3.3: I gcás saoraistritheoirí: Doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé
3.4: I gcás saor-ateangairí: Doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht eatarthu sa dá threo.
An nglactar le cáilíocht(aí)/dioplóma(í) a eisíodh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad?
Glactar le dioplómaí a fuarthas lasmuigh den Aontas Eorpach má tá doiciméad aitheantais ag gabháil leo arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de chuid aon Bhallstáit ar bith den Aontas. Tá doiciméad aitheantais de dhíth i leith dioplómaí a fhaightear sa Ríocht Aontaithe más tar éis an 1 Eanáir 2021 a eisíodh iad.
Ní mór an t-eolas seo a leanas ar a laghad a bheith sa doiciméad aitheantais:
- Ainm iomlán an iarrthóra
- Ainm na hollscoile
- Teideal an dioplóma a fuarthas
Tabhair do d’aire nach bhfuil an ráiteas coibhéise (rud is féidir a íoslódáil ó bhunachar sonraí NARIC na hÉireann) bailí chun na críche sin.
Tá a riachtanais incháilitheachta féin ag gach fógra comórtais/próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, agus d’fhéadfadh meascán éagsúil de cháilíochtaí oideachais agus de thaithí ghairmiúil a bheith san áireamh leo.
Chun an réimse dioplómaí is leithne i ngach comórtas a chlúdach, moltar d’iarrthóirí aitheantas a iarraidh le haghaidh na ndioplómaí ábhartha uile atá dearbhaithe acu ina n-iarratas.
Ní mór d’údarás inniúil náisiúnta i mBallstát den Aontas na doiciméid aitheantais a eisiúint. Thíos tá liosta neamh-uileghabhálach d’údaráis inniúla náisiúnta i mBallstáit an Aontais:
An Ostair - an Aireacht Chónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde
An Bheilg (NL) - NARIC - Vlaanderen
An Bheilg (FR) - NARIC - Service des Équivalences
An Bheilg (DE) - NARIC - lárionad an phobal labhartha Gearmáinise
An Bhulgáir - an tIonad Náisiúnta Faisnéise agus Doiciméadachta (NACID)
An Chróit - an Ghníomhaireacht Eolaíochta agus Ardoideachais
An Chipir - Comhairle na Cipire um Aitheantas Cáilíochtaí Ardoideachais (KYSATS)
Poblacht na Seice - an Aireacht Oideachais, Óige agus Spórt
An Danmhairg - Gníomhaireacht Ardoideachais agus Eolaíochta na Danmhairge (faoin Aireacht Ardoideachais agus Eolaíochta)
An Eastóin - ENIC/NARIC na hEastóine - Aitheantas acadúil | Haridus- ja Noorteamet
An Fhionlainn - Gníomhaireacht Náisiúnta Oideachais na Fionlainne
An Fhrainc - France Éducation international
An Ghearmáin - an Lároifig um Oideachas Eachtrach - ZAB
An Ghréig - DOATAP - an Lárionad Náisiúnta Heilléanach um Aitheantas acadúil agus Faisnéis
An Ungáir - Ionad Coibhéise agus Faisnéise na hUngáire (Giorrúchán Ungáirise: MEIK)
Éire - Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)
An Iodáil - Titoli accademici esteri | Ministero dell'Università e della Ricerca
An Laitvia - AIC - an Lárionad Faisnéise Acadúla
An Liotuáin - SKVC - an Lárionad um Measúnú Cáilíochta san Ardoideachas
Lucsamburg - MESR - an Aireacht Taighde agus Ardoideachais
Málta - Lárionad Faisnéise Mhálta um Aitheantas Cáilíochtaí (MQRIC)
An Ísiltír - Meastóireacht Dintiúr Idirnáisiúnta (IDW)
An Pholainn - GNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA NA POLAINNE UM MALARTÚ ACADÚIL
An Phortaingéil - an Ard-Stiúrthóireacht um an Ardoideachas (DGES)
An Rómáin - an Lárionad Náisiúnta um Aitheantas agus Coibhéis Dioplómaí (CNRED)
An tSlóvaic - an Lárionad um aithint dioplómaí (CRD)
An tSlóivéin - ENIC-NARIC na Slóivéine
An Spáinn - an Aireacht Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna - Ardrúnaíocht na nOllscoileanna
An tSualainn - Comhairle Ardoideachais na Sualainne (UHR)
Cé na cáilíochtaí agus an taithí is gá a bheith agam?
Is ar an ról agus ar an bpróifíl a bhraitheann na cáilíochtaí oideachais agus an taithí ghairmiúil is gá, agus sainítear iad sin i ngach fógra comórtais (le haghaidh baill foirne bhuana) nó i ngach glao ar léiriú spéise (le haghaidh baill foirne ar conradh). Is féidir leat féachaint ar shamplaí de na cineálacha cáilíochtaí a nglactar leo freisin.
Rialacha tábhachtacha:
- Ní mór na coinníollacha incháilitheachta uile a bheith comhlíonta faoi sprioc-am na n-iarratas, mura sonraítear a mhalairt san fhógra
- Ní chuirtear san áireamh ach taithí a fuarthas tar éis an dioplóma riachtanach a bhaint amach
- Is ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a dhéanann an bord roghnúcháin an cinneadh deiridh maidir le hincháilitheacht. Beidh cinneadh an bhoird le feiceáil i do chuntas iarrthóra.
Cáilíochtaí oideachais
Bíonn na híoscheanglais oideachais éagsúil ag brath ar an gcatagóir foirne:
I gcás oifigigh bhuana:
- Leibhéal cúntóra: oideachas iar-mheánscoile, sin nó oideachas meánscoile agus taithí oibre iomchuí.
- Leibhéal riarthóra: oideachas ollscoile críochnaithe a mhair trí bliana ar a laghad.
I gcás gníomhairí ar conradh:
- Grúpa Feidhme I: oideachas éigeantach.
- Grúpaí Feidhme II agus III: oideachas iar-mheánscoile, sin nó oideachas meánscoile agus taithí oibre iomchuí.
- Grúpa Feidhme IV: oideachas ollscoile críochnaithe a mhair trí bliana ar a laghad.
Taithí oibre
Teastaíonn taithí ghairmiúil ábhartha le haghaidh roinnt post.
Chun go gcuirfear do thaithí san áireamh, ní mór obair cheart ar íocaíocht a bheith i gceist, obair a dhéantar mar fhostaí nó mar sholáthraí seirbhíse, agus obair a bhaineann leis na dualgais a ndéantar cur síos orthu i ngach fógra comórtais (i gcás baill foirne bhuana) nó sa ghlao ar léiriú spéise (i gcás baill foirne ar conradh).
Na cineálacha taithí gairmiúla a nglactar leo
- Obair ar íocaíocht: gach cineál fostaíochta (fostaí, féinfhostaithe, saoroibrí, státseirbhíseach, etc.).
- Obair dheonach: i gcás ina gcúitítear ar bhealach éigin í agus ina bhfuil sí inchomparáide le hobair lánaimseartha, agus sa chás sin amháin.
- Intéirneachtaí: i gcás ina bhfuil íocaíocht ag gabháil leo, agus sa chás sin amháin.
- Seirbhís mhíleata: cuirtear seirbhís mhíleata san áireamh suas leis an tréimhse dhlíthiúil i do thír féin.
- Saoire mháithreachais/tuismitheora/altramais: ní chuirtear san áireamh í ach amháin má thógtar í le linn conradh gníomhach fostaíochta.
- Dochtúireacht (PhD): cuirtear san áireamh í mar 3 bliana de thaithí ar a mhéad má tá an PhD curtha i gcrích go rathúil.
- Obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata (e.g. 50% ar feadh 6 mhí = 3 mhí) a chuirtear san áireamh í.
Is saoránach den Ríocht Aontaithe mé. An féidir liom iarratas a dhéanamh i gcónaí?
Ní mór do gach iarrthóir a chuireann isteach ar phróiseas roghnúcháin EPSO a bheith ina shaoránach de Bhallstát amháin den Aontas Eorpach ar a laghad.
- Más saoránach den Ríocht Aontaithe thú agus má tá an dara saoránacht agat le Ballstát den Aontas, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh.
- Mura bhfuil agat ach saoránacht leis an Ríocht Aontaithe, níl tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin EPSO ó tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach.
Má fhaigheann tú saoránacht le Ballstát den Aontas ag tráth níos déanaí, is féidir leat do shaoránacht a nuashonrú i do chuntas EPSO agus iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin amach anseo.
Féach freisin: Saoránacht an Aontais Eorpaigh – cearta agus deiseanna.
An bhfuil teorainn aoise ann chun cur isteach ar phost?
Níl. Go ginearálta níl aon teorainn aoise ann chun cur isteach ar phost.
Mar sin féin, cuirtear oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh ar scor go huathoibríoch nuair a shlánaíonn siad 66 bliana d’aois. Tá tuilleadh eolais le fáil i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais.