Próisis roghnúcháin do chatagóirí eile ball foirne
Foilsíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne deiseanna fostaíochta do bhaill foirne sealadacha agus do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht freisin thar ceann institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Ní EPSO a bhainistíonn na próisis roghnúcháin sin go díreach. Tá gach institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht freagrach as a bpróiseas earcaíochta féin, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar an eagraíocht nó ar an bpost lena mbaineann.
Dá bhrí sin, moltar go láidir d’iarratasóirí na fógraí folúntais a léamh go cúramach chun eolas mionsonraithe a fháil maidir leis na critéir incháilitheachta, na riachtanais iarratais agus an próiseas roghnúcháin.
Féach na deiseanna go léir atá ann faoi láthair.
Féach freisin conas iarratas a dhéanamh i gcás catagóirí eile foirne, amhail: Foireann eatramhach, saineolaithe an Aontais Eorpaigh, cúntóirí Parlaiminteacha, saortheangeolaithe, foireann cothabhála agus ceaintín.