Skip to main content
Olivier Salles DG

Stiúrthóir: Olivier Salles

Chuaigh Olivier Salles isteach mar Stiúrthóir nua EPSO an 16 Bealtaine 2025.

Is saoránach Francach é Olivier agus tá céimeanna máistreachta aige sa Chaidreamh Idirnáisiúnta agus sna hEolaíochtaí Polaitiúla ó Ollscoileanna Sorbonne agus Lyon II.

Tá níos mó ná 30 bliain caite aige ina ghairmréim mar sheirbhíseach shibhialta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus cuireann sé an taithí mhór sin i bhfeidhm in EPSO maidir le comhordú beartais, feidhmeanna dlíthiúla agus bainistíochta. Bhí róil éagsúla aige i réimse na n-acmhainní daonna, an airgeadais, agus ó thaobh obair reachtach a chur in iúl i roinnt seirbhísí de chuid an Choimisiúin.

Bhí sé ina Stiúrthóir Riaracháin i gcomhlachtaí nuabhunaithe de chuid an Aontais, amhail an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), mar sin tá taithí mhaith ag Olivier ó thaobh glacadh le tionscadail nua éilitheacha de.

Dá bhrí sin, tá sé breá in ann dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh EPSO agus a chinntiú go gcomhlíonfaidh sé a mhisean mar chomhpháirtí iontaofa sna próisis roghnúcháin d’institiúidí an Aontais.

picture of Sandra

Ceann an Aonaid For-rochtana agus Cumarsáide: Sandra Cavallo

Chuaigh Sandra isteach san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne an 16 Nollaig 2025 mar Cheann an Aonaid For-rochtana agus Cumarsáide.

Tá taithí breis agus 25 bliana aici sa chumarsáid institiúideach, mar a raibh róil shinsearacha aici in eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe, agus i gcraoltóireacht seirbhíse poiblí na hIodáile (RAI) chomh maith.

Sula ndeachaigh sí isteach in EPSO, d’oibrigh Sandra sa Choimisiún Eorpach. I measc na ról a bhí aici, d’oibrigh sí mar Leas-Cheann Aonaid san Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil (AS ECHO) agus in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM), mar ar chomhordaigh sí gníomhaíochtaí agus líonraí cumarsáide ar fud an Aontais, amhail Europe Direct. Ina cáil mar Cheann na hEarnála don rialachas cumarsáide agus don chomhordú straitéiseach, chuir sí le cumarsáid sheachtrach an Choimisiúin i leith na bréagaisnéise, agus ba í Comhordaitheoir Comhionannais AS COMM. Bhí sí ina ball de Thascfhórsa Brexit freisin (2018-2019).

Roimhe sin, bhí róil shinsearacha chumarsáide aici freisin i gClár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) san Úcráin agus sa Mholdóiv, sa Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), agus san Fhoras Eorpach Oiliúna (ETF).

picture of Heike

Leas-Cheann na For-rochtana agus na Cumarsáide: Heike Gras

Chuir Heike tús lena gairmréim san earnáil phríobháideach, í ag obair i dtionscal na turasóireachta agus an fháilteachais sa Bhruiséil agus in Göteborg, agus ina dhiaidh sin bhí ról aici i ngnólacht iniúchóireachta idirnáisiúnta.

D’aistrigh sí ansin go dtí an earnáil phoiblí agus chuaigh sí isteach sa Choimisiún Eorpach in 1996, mar ar oibrigh sí ar dtús in aonad airgeadais agus buiséid na hArd-Stiúrthóireachta um Oideachas, Oiliúint agus an Óige. Bhí poist aici ina dhiaidh sin in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh agus in Ard-Stiúrthóireacht an Iompair agus an Fhuinnimh.

In 2003 d’aistrigh Heike go feidhmeanna a bhain le hacmhainní daonna, agus chuaigh sé isteach san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) nuabhunaithe mar chomhordaitheoir iomaíochta. D’oibrigh sí ina dhiaidh sin in aonad acmhainní daonna na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach agus Seirbhísí sular fhill sí ar EPSO in 2013. Ó shin i leith, bhí roinnt ról aici laistigh de EPSO, amhail an Ceann Foirne um fhorbairt trialacha, an Leas-Cheann Aonaid um an ríomhroghnúchán agus forbairt trialacha, agus an post atá aici faoi láthair mar Leas-Cheann Aonad For-rochtana agus Cumarsáide EPSO.

picture of Angela

An Ceann um Fhorbairt agus Reáchtáil Trialacha: Angela Heberling

Chuaigh Angela isteach i Seirbhís Shibhialta na nInstitiúidí Eorpacha i mí Iúil 1993 i Roinn an Chomhshaoil sa Choimisiún Eorpach. 

Tar éis dhá bhliain, bhog sí ar aghaidh chuig saincheisteanna a bhain níos mó le hAcmhainní Daonna agus chuir sí tús lena gairmréim i Seirbhís Earcaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, rud a comhtháthaíodh ina dhiaidh sin san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) atá ann inniu. Bhí poist éagsúla aici laistigh de EPSO: bhí sí ina ball den Tascfhórsa a bhí freagrach as Clár Forbartha EPSO a chur chun feidhme, bhí sí ina Ceann ar an Oifig um Bainistiú Roghnúcháin a bhfuil sé de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar gach comórtas agus próiseas roghnúchán, bhí sí ina Ceann Aonaid san Aonad um Ríomhroghnúchán agus Forbairt Trialacha, ina Ceann ar Aonad na Pleanála agus Comhordúcháin, agus anois tá sí ina Ceann ar an Aonad um Fhorbairt agus Reáchtáil Trialacha. 

Ó bhí mí na Samhna 2020 ann, déanann sí ionadaíocht freisin ar Stiúrthóir EPSO.

Tá Angela pósta agus beirt chlainne aici.

Picture of Nikoletta

Nikoletta Rácz – Leas-Cheann an Aonaid um Fhorbairt agus Reáchtáil Trialacha

Chuaigh Nikoletta isteach sa Choimisiún Eorpach in 2005 agus tá taithí breis agus 20 bliain aici in acmhainní daonna, oibríochtaí agus feidhmeanna bainistíochta.

Is Ungárach í agus tá céim Máistir aici i mBainistiú Acmhainní Daonna, céim Máistir sa Lánpháirtiú agus Forbairt Eorpach ó Vrije Universiteit Brussel (VUB), agus Dioplóma Iarchéime i mBainistiú Acmhainní Daonna ó Ollscoil Kingston, Londain.

Le linn a gairmréime bhí róil éagsúla ag Nikoletta laistigh den Choimisiún Eorpach, ina measc sin Comhfhreagraí Acmhainní Daonna, Ceann Foirne, Ceann Earnála agus Leas-Cheann Aonaid. Sula ndeachaigh sí isteach san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO), d’oibrigh sí san Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil (OIB), bhí sí ina Comhfhreagraí Acmhainní Daonna do níos mó ná 1,200 ball foirne, agus bhí sí i gceannas ar earnáil mhór oibríochtúil a bhí freagrach as seirbhísí poist, oibríochtaí málaí taidhleoireachta agus iompar ábhar. 

Chuaigh Nikoletta isteach in EPSO in 2023 mar Leas-Cheann an Aonaid um Oibríochtaí Trialacha agus rinneadh Leas-Cheann an Aonaid um Fhorbairt agus Reáchtáil Trialacha di ina dhiaidh sin. Sa ról sin rannchuidíonn sí le forbairt agus reáchtáil na dtrialacha roghnúcháin agus na gcomórtas do na hinstitiúidí Eorpacha agus tacaíonn sí le nuachóiriú phróisis trialacha agus mheasúnaithe EPSO.

photo of Martin

An Ceann Gníomhach um Pleanáil agus um Bainistiú Comórtas: Martin Ohridski

Tá BA sa Chaidreamh Idirnáisiúnta ag Martin ó Ollscoil Mhálta agus MA i nGnóthaí Poiblí Eorpacha ó Ollscoil Maastricht. Tar éis dó seal a chaitheamh i mbun oibre i réimse na turasóireachta, chuir sé tús lena shlí bheatha Eorpach in 2003 san earnáil shóisialta agus ghairmoiliúna sa Bhruiséil, mar ar oibrigh sé do dhá eagraíocht neamhrialtasacha Eorpacha mar Oifigeach Gnóthaí Poiblí agus bainisteoir tionscadail.

Bhog Martin go dtí an tseirbhís shibhialta Eorpach in 2008 ansin nuair a chuaigh sé isteach san Aonad um Bainistiú Géarchéimeanna in Ardrúnaíocht (SG) an Choimisiúin Eorpaigh. D’oibrigh sé ar feadh breis agus 5 bliana mar Oifigeach Beartais agus Ceann Foirne a bhí freagrach as comhordú agus tacaíocht inmheánach a chur ar fáil chun a chinntiú gur féidir leis an gCoimisiún rannchuidiú go héifeachtach i gcás géarchéimeanna a bhfuil gníomhaíocht ar leibhéal an Chomhphobail de dhíth ina leith. D’oibrigh Martin ansin san Aonad um Thrédhearcacht san Ardrúnaíocht, mar ar chuir sé le cur i bhfeidhm agus forbairt bheartas níos leithne an Choimisiúin maidir le trédhearcacht agus rialáil brústocaireachta. Chuaigh Martin isteach san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag deireadh 2020 agus d’oibrigh sé mar Chúntóir Beartais do bheirt Stiúrthóirí den Oifig go dtí gur ghlac sé ról Cheann Gníomhach Aonad EPSO um Pleanáil agus um Bainistiú Comórtas in 2026.

picture of Sorin

Leas-Cheann na Seirbhísí Corparáideacha: Sorin Serban

Chuir Sorin tús lena ghairmréim san earnáil phríobháideach, agus é ag obair sa tionscal iniúchóireachta reachtúla agus árachais i bPáras na Fraince. D’aistrigh sé ansin go dtí an earnáil phoiblí agus chuaigh sé isteach sa Choimisiún Eorpach in 2008, mar ar oibrigh sé i gComhsheirbhís Iniúchóireachta na hArd-Stiúrthóireachta um Thaighde agus Nuálaíocht. Le linn a thréimhse sa Choimisiún bhí poist éagsúla aige, ina measc sin iniúchóir ex post, ceannaire foirne um Rialú Cáilíochta, agus Ceann Earnála um Chúloifig agus Iniúchtaí. Ar na freagrachtaí a bhí air bhí iniúchóireacht ex post, rialú inmheánach, airgeadas agus bainistiú buiséid.

In 2026 chuaigh Sorin isteach san Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) mar Leas-Cheann Aonaid san Aonad Seirbhísí Corparáideacha. Ina cháil sa ról sin tacaíonn sé leis an gCeann Aonaid chun bainistíocht fhónta airgeadais agus TF EPSO a chinntiú, ina measc sin iniúchtaí, bainistiú riosca agus rialú inmheánach a chomhordú.

Picture of Anna

Ceann na Scoile Riaracháin Eorpaí: Anna Mitelman

Chuaigh Anna Mitelman isteach in EPSO i mí Eanáir 2023 mar Cheann na Scoile Riaracháin Eorpaí (EuSA).

Tá taithí 10 mbliana ag Anna ó bheith ag bainistiú na Foghlama agus Forbartha (F&F) mar Cheann Aonaid um Acmhainní Daonna i gCoiste Eorpach na Réigiún, mar a raibh sí freagrach as go leor réimsí eile in éineacht le F&F agus bainistiú tallainne freisin, amhail Cearta agus Oibleagáidí, Seirbhís Leighis agus Shóisialta, tréimhsí oiliúna agus tuilleadh nach iad.

Tá sí féin tiomanta don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus í cinnte de go mbeidh na heagraíochtaí a thuigeann an méid sin agus a infheistíonn in F&F céim amháin chun cinn i gcónaí. Is í an fhís atá aici don Scoil a chinntiú gur ionad nuálaíochta agus barr feabhais é EuSA, agus go bhfanfaidh sí mar sin i gcónaí.

Tá Anna ina cónaí sa Bhruiséil lena fear céile agus beirt mhac sna déaga acu.