Ceanglais incháilitheachta
Chun iarratas a dhéanamh ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní mór d’iarrthóirí sraith critéar incháilitheachta a chomhlíonadh. Bíonn na critéir sin éagsúil ag brath ar an gcineál róil; amhail baill foirne bhuana, baill foirne shealadacha nó baill foirne ar conradh, Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht, agus róil eile nach iad.
Sainítear na ceanglais shonracha i gcónaí san fhógra comórtais, sa ghlao ar léiriú spéise le haghaidh próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, nó san fhógra folúntais lena mbaineann. Ba cheart d’iarrthóirí na doiciméid sin a léamh go cúramach sula ndéana siad iarratas.
Ceanglais ghinearálta
I bhformhór na gcásanna ní mór do na hiarrthóirí:
- A bheith ina saoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach agus cearta iomlána a bheith acu mar shaoránaigh den Aontas Eorpach
- Gach oibleagáid dlí a bheith comhlíonta acu arna bhforchur faoi dhlíthe náisiúnta i dtaca le seirbhís mhíleata
- Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag critéir bhreise ag brath ar an bpost.
Ceanglais teanga
Ní mór d’iarrthóirí eolas a bheith acu ar dhá cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal is gá don phróiseas roghnúcháin.
I gcás próifílí teanga, is iondúil gur gá eolas a bheith ag an iarrthóir ar thrí theanga ar a laghad.
Oideachas agus taithí ghairmiúil
Braitheann na riachtanais maidir le hoideachas agus taithí ghairmiúil ar an ról agus ar an bpróifíl. Mar threoir ghinearálta:
- Is iondúil go mbíonn céim ollscoile de dhíth i gcás róil AD (Riarthóir) agus i gcás baill foirne ar conradh i nGrúpa Feidhme IV. I bhformhór na ról AD tá taithí ghairmiúil ábhartha de dhíth freisin, diomaite de phoist ar leibhéal iontrála AD 5.
- Is iondúil go mbíonn meánoideachas de dhíth i gcás róil AST (Cúntóir) agus i gcás baill foirne ar conradh i nGrúpa Feidhme I, II agus III. Ag brath ar an ról, d’fhéadfadh sé go mbeadh taithí ghairmiúil ábhartha ag teastáil freisin.
Féach an fógra oifigiúil i gcónaí le haghaidh na gcritéar iomlán sonrach incháilitheachta do gach próiseas roghnúcháin.