
Folúntais shealadacha
Anseo thíos tá roinnt folúntais shealadacha, chomh maith le poist ardbhainistíochta, atá ar oscailt d’iarrthóirí seachtracha, laistigh d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Níl sa liosta sin ach rogha de na deiseanna fostaíochta atá ann faoi láthair. Molaimid duit dul chuig leathanaigh na bpost atá ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus chuig tairseach post an Aontais de chuid Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (EUAN) chomh maith.
Is iad institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann, agus iad sin amháin, atá freagrach as na folúntais a fhoilsítear ar an leathanach seo. Ba cheart aon cheisteanna faoi na folúntais sin a chur ar na seirbhísí ábhartha de chuid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann.