Skip to main content

FAQs

Ní bhronnfar céim/dioplóma orm go dtí tar éis an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh. An féidir liom iarratas a dhéanamh i gcónaí?

Mar riail ghinearálta, ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí íosta iontrála atá sonraithe san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise a bheith bainte amach acu faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh. Ní chuirfear san áireamh cáilíochtaí a ghnóthófar tar éis an dáta sin.

Mar eisceacht, áfach, i gcás chomórtas EPSO/AD/427/26 (Riarthóirí Céimithe – AD 5), ní mór d’iarrthóirí leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus ní mór cinneadh a bheith déanta i leith bhronnadh an dioplóma sin tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2026, gan beann ar an sprioc-am le haghaidh iarratas. Féach Iarscríbhinn III den fhógra comórtais mar a bhfuil samplaí le fáil de na cáilíochtaí íosta.