Próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh ar féidir clárú ina leith i gcónaí
Tá ról lárnach ag baill foirne ar conradh maidir le tacú le hobair institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Cuidíonn siad trí chúraimí riaracháin sealadacha a dhéanamh nó forlíonann siad réimsí speisialaithe ina bhfuil gá le scileanna breise.
Eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, ar a dtugtar CAST Buan chomh maith. Is uirlis um roghnú ball foirne ar conradh é CAST, agus is é an chiall atá le ‘Buan’ gur féidir iarratas a dhéanamh am ar bith trí chóras clárúcháin leanúnaigh.
Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, déanann seirbhísí earcaíochta institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh a chuardach agus cuireann siad na hiarrthóirí is fearr a oireann do riachtanais an phoist ar ghearrliosta.
Tugtar cuireadh d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta trialacha réasúnaíochta ar ríomhaire a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin.
Réidh le hiarratas a dhéanamh?
Roghnaigh an phróifíl is fearr a oireann do do chúlra acadúil agus gairmiúil, agus cláraigh.
Tabhair do d’aire nach ionann clárú don phróiseas roghnúcháin agus dearbhú fostaíochta. Ní chinntíonn sé ach go gcuirfear do phróifíl le bunachar sonraí as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais iarrthóirí a roghnú nuair a thagann folúntais chun cinn.
| Teideal an phoist | Function group |
|---|---|
| Airgeadas | FG II, FG III, FG IV |
| Aistritheoirí | FG IV |
| Bainistiú clár agus tionscadal | FG III, FG IV |
| Bainistiú Foirgneamh | FG II, FG III, FG IV |
| Cartlannaithe/Bainistíocht Taifead | FG III, FG IV |
| Cumarsáid | FG III, FG IV |
| Dlí | FG III, FG IV |
| Gnóthaí polaitíochta / Beartais an Aontais Eorpaigh | FG III, FG IV |
| Oibríochtaí slándála | FG II |
| Oibríochtaí slándála, lena n-áirítear slándáil réigiúnach | FG III, FG IV |
| Oibrithe cúraim do leanaí | FG II |
| Oibrithe tacaíochta láimhe agus riaracháin | FG I |
| Profléitheoirí | FG III |
| Riarachán / Acmhainní daonna | FG II, FG III, FG IV |
| Rúnaithe/Cléirigh | FG II |
| Síceolaithe Oideachais | FG IV |
| Slándáil faisnéise agus doiciméad | FG III, FG IV |
| Slándáil TF | FG III, FG IV |
| Slándáil theicniúil | FG II, FG III, FG IV |
| Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide | FG III, FG IV |


