An nglactar le cáilíocht(aí)/dioplóma(í) a eisíodh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad?
Ní mheastar dioplómaí a fuarthas lasmuigh den Aontas Eorpach* a bheith bailí ach amháin má tá doiciméad aitheantais ag gabháil leo arna eisiúint ag údarás inniúil náisiúnta de chuid aon Bhallstáit den Aontas (féach an liosta thíos**).
*Tá doiciméad aitheantais de dhíth i leith dioplómaí a fhaightear sa Ríocht Aontaithe más tar éis an 1 Eanáir 2021 a eisítear iad.
Ní mór an t-eolas seo a leanas ar a laghad a bheith sa doiciméad aitheantais:
- Ainm iomlán an iarrthóra
- Ainm na hollscoile
- Teideal an dioplóma a fuarthas
Tabhair do d’aire nach bhfuil an ráiteas coibhéise (rud is féidir a íoslódáil ó bhunachar sonraí NARIC na hÉireann) bailí chun na críche sin.
Tá a choinníollacha incháilitheachta féin ag gach fógra comórtais, agus is iondúil go mbíonn roinnt teaglamaí de cháilíochtaí oideachais agus de thaithí oibre i gceist leo.
Chun an speictream dioplóma is leithne i ngach comórtas a chumhdach, molaimid don iarrthóir coibhéis a chuid dioplómaí go léir a iarraidh. Ar an dóigh sin, is féidir leis an mbord roghnúcháin an teaglaim incháilitheachta is iomchuí atá dearbhaithe san fhoirm iarratais a roghnú.
**liosta neamh-uileghabhálach d’údaráis náisiúnta inniúla i mBallstáit an Aontais:
An Ostair - an Aireacht Chónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde
An Bheilg (NL) - NARIC - Vlaanderen
An Bheilg (FR) - NARIC - Service des Équivalences
An Bheilg (DE) - NARIC - lárionad an phobal labhartha Gearmáinise
An Bhulgáir - an tIonad Náisiúnta Faisnéise agus Doiciméadachta (NACID)
An Chróit - an Ghníomhaireacht Eolaíochta agus Ardoideachais
An Chipir - Comhairle na Cipire um Aitheantas Cáilíochtaí Ardoideachais (KYSATS)
Poblacht na Seice - an Aireacht Oideachais, Óige agus Spórt
An Danmhairg - Gníomhaireacht Ardoideachais agus Eolaíochta na Danmhairge (faoin Aireacht Ardoideachais agus Eolaíochta)
An Eastóin - ENIC/NARIC na hEastóine - Aitheantas acadúil | Haridus- ja Noorteamet
An Fhionlainn - Gníomhaireacht Náisiúnta Oideachais na Fionlainne
An Fhrainc - France Éducation international
An Ghearmáin - an Lároifig um Oideachas Eachtrach - ZAB
An Ghréig - DOATAP - an Lárionad Náisiúnta Heilléanach um Aitheantas acadúil agus Faisnéis
An Ungáir - Ionad Coibhéise agus Faisnéise na hUngáire (Giorrúchán Ungáirise: MEIK)
Éire - Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)
An Iodáil - CIMEA - an Lárionad Faisnéise maidir le Soghluaisteacht Acadúil agus Coibhéis
An Laitvia - AIC - an Lárionad Faisnéise Acadúla
An Liotuáin - SKVC - an Lárionad um Measúnú Cáilíochta san Ardoideachas
Lucsamburg - MESR - an Aireacht Taighde agus Ardoideachais
Málta - Lárionad Faisnéise Mhálta um Aitheantas Cáilíochtaí (MQRIC)
An Ísiltír - Meastóireacht Dintiúr Idirnáisiúnta (IDW)
An Pholainn - GNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA NA POLAINNE UM MALARTÚ ACADÚIL
An Phortaingéil - an Ard-Stiúrthóireacht um an Ardoideachas (DGES)
An Rómáin - an Lárionad Náisiúnta um Aitheantas agus Coibhéis Dioplómaí (CNRED)
An tSlóvaic - an Lárionad um aithint dioplómaí (CRD)
An tSlóivéin - ENIC-NARIC na Slóivéine
An Spáinn - an Aireacht Eolaíochta, Nuálaíochta agus Ollscoileanna - Ardrúnaíocht na nOllscoileanna
An tSualainn - Comhairle Ardoideachais na Sualainne (UHR)