Tréimhsí oiliúna in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh
Tugann tréimhsí oiliúna an Aontais Eorpaigh deis ar leith do chéimithe taithí phraiticiúil a fháil in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Is iondúil go maireann na cláir oiliúna cúig mhí agus tá pá ag gabháil leo, mar atá liúntas míosúil thart ar €1,400, ag brath ar an institiúid.
Cuireann oiliúnaithe le tionscadail ar fud réimsí éagsúla, ón riarachán poiblí, an dlí agus an chibearshlándáil go dtí an claochlú digiteach, an tsláinte, beartas maidir leis an aeráid, an eacnamaíocht, an t-aistriúchán, an chumarsáid agus acmhainní daonna. Faigheann siad léargas praiticiúil ar chinnteoireacht an Aontais, forbraíonn siad scileanna gairmiúla, agus oibríonn siad ar bheartais a mhúnlaíonn saol na milliún daoine i dtimpeallacht ilchultúrtha dhinimiciúil.
Bainistíonn gach institiúid de chuid an Aontais a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta féin.
Féach leat na deiseanna oiliúna atá ar fáil trí roghnú ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais thíos.