Skip to main content

FAQs

Cé na cáilíochtaí agus an taithí is gá a bheith agam?

Question categories:

Is ar an ról agus ar an bpróifíl a bhraitheann na cáilíochtaí oideachais agus an taithí ghairmiúil is gá, agus sainítear iad sin i ngach fógra comórtais (le haghaidh baill foirne bhuana) nó i ngach glao ar léiriú spéise (le haghaidh baill foirne ar conradh). Is féidir leat féachaint ar shamplaí de na cineálacha cáilíochtaí a nglactar leo freisin.

Rialacha tábhachtacha:

  • Ní mór na coinníollacha incháilitheachta uile a bheith comhlíonta faoi sprioc-am na n-iarratas, mura sonraítear a mhalairt san fhógra
  • Ní chuirtear san áireamh ach taithí a fuarthas tar éis an dioplóma riachtanach a bhaint amach 
  • Is ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a dhéanann an bord roghnúcháin an cinneadh deiridh maidir le hincháilitheacht. Beidh cinneadh an bhoird le feiceáil i do chuntas iarrthóra.

Cáilíochtaí oideachais

Bíonn na híoscheanglais oideachais éagsúil ag brath ar an gcatagóir foirne:

I gcás oifigigh bhuana:

  • Leibhéal cúntóra: oideachas iar-mheánscoile, sin nó oideachas meánscoile agus taithí oibre iomchuí.
  • Leibhéal riarthóra:  oideachas ollscoile críochnaithe a mhair trí bliana ar a laghad.

I gcás gníomhairí ar conradh:

  • Grúpa Feidhme I: oideachas éigeantach.
  • Grúpaí Feidhme II agus III: oideachas iar-mheánscoile, sin nó oideachas meánscoile agus taithí oibre iomchuí.
  • Grúpa Feidhme IV: oideachas ollscoile críochnaithe a mhair trí bliana ar a laghad.

Taithí oibre

Teastaíonn taithí ghairmiúil ábhartha le haghaidh roinnt post.
Chun go gcuirfear do thaithí san áireamh, ní mór obair cheart ar íocaíocht a bheith i gceist, obair a dhéantar mar fhostaí nó mar sholáthraí seirbhíse, agus obair a bhaineann leis na dualgais a ndéantar cur síos orthu i ngach fógra comórtais (i gcás baill foirne bhuana) nó sa ghlao ar léiriú spéise (i gcás baill foirne ar conradh).

Na cineálacha taithí gairmiúla a nglactar leo

  • Obair ar íocaíocht: gach cineál fostaíochta (fostaí, féinfhostaithe, saoroibrí, státseirbhíseach, etc.).
  • Obair dheonach: i gcás ina gcúitítear ar bhealach éigin í agus ina bhfuil sí inchomparáide le hobair lánaimseartha, agus sa chás sin amháin.
  • Intéirneachtaí: i gcás ina bhfuil íocaíocht ag gabháil leo, agus sa chás sin amháin.
  • Seirbhís mhíleata: cuirtear seirbhís mhíleata san áireamh suas leis an tréimhse dhlíthiúil i do thír féin.
  • Saoire mháithreachais/tuismitheora/altramais: ní chuirtear san áireamh í ach amháin má thógtar í le linn conradh gníomhach fostaíochta.
  • Dochtúireacht (PhD): cuirtear san áireamh í mar 3 bliana de thaithí ar a mhéad má tá an PhD curtha i gcrích go rathúil.
  • Obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata (e.g. 50% ar feadh 6 mhí = 3 mhí) a chuirtear san áireamh í.