
Catagóirí ball foirne an Aontais Eorpaigh

Tairgeann an tAontas poist i gcatagóirí éagsúla ball foirne: oifigigh bhuana, baill foirne ar conradh agus baill foirne shealadacha, saineolaithe náisiúnta ar iasacht, oiliúnaithe agus baill foirne eile.
Cliceáil ar na clibeanna thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi shonraí maidir le fostaíocht i ngach catagóir ball foirne.
Is féidir leat breathnú freisin ar an rannán maidir le Conas iarratas a dhéanamh chun tuilleadh eolais a fháil faoi na próisis roghnúcháin i ngach catagóir ball foirne.
Bain triail as na trialacha samplacha chun na scileanna atá agat cheana a fheiceáil mar aon leis na scileanna d‘fhéadfadh a bheith ag teastáil chun pas a fháil sa phróiseas roghnúcháin.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil freisin faoi phróifílí éagsúla gairmréime an Aontais agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil.
- An fhoireann bhuan
- Baill foirne ar conradh
- Baill foirne shealadacha
- Oiliúnaithe
- Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
- Eile
Is éard atá san fhoireann bhuan baill de státseirbhís an Aontais Eorpaigh a cheaptar ar feadh tréimhse gan téarma. Is iadsan an croílucht saothair.
Tá 3 chatagóir ann maidir le hoifigigh bhuana de chuid an Aontais: Riarthóirí (AD), Cúntóirí (AST), agus Rúnaithe/Cléirigh (AST/SC).
Riarthóirí
Oibríonn riarthóirí i réimse earnálacha, mar shampla an ceartas, an dlí, an t-airgeadas, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, gnóthaí eachtracha, an talmhaíocht, an eacnamaíocht, teicneolaíocht na faisnéise, an chumarsáid, acmhainní daonna, an eolaíocht, an t-aistriúchán agus an ateangaireacht.
Ar na dualgais a bhíonn orthu, tá beartais agus reachtaíocht a fhorbairt; anailís agus obair chomhairleach a dhéanamh; cúraimí rialála a dhéanamh; páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht idirnáisiúnta; idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus le comhpháirtithe; teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh; téacsanna dlíthiúla de chuid an Aontais a athbhreithniú agus a aistriú, agus go leor téacsanna eile nach iad.
Scála idir grád AD 5 agus grád AD 16 a bhíonn i gceist i ngairmréim an riarthóra, agus is é AD 5 an grád tosaigh le haghaidh céimithe ollscoile; Is leis na hArd-Stiúrthóirí amháin a bhaineann na gráid AD 15 agus AD 16.
D'fhéadfaí thú a roghnú agus a earcú ag gráid níos airde, AD 6 nó AD 7, i leith próifílí a bhfuil speisialtóireacht ag baint leo. Sa chás sin, beifear ag súil go mbeidh roinnt blianta d’oideachas ábhartha ag iarrthóirí agus beidh taithí oibre ag teastáil le haghaidh formhór na bpróifílí.
Tá na gráid AD 9 go dtí AD 12 ag teastáil le haghaidh na bpost meánbhainistíochta. Ní féidir duine a roghnú agus a earcú ag na gráid níos airde sin mura bhfuil taithí bainistíochta aige cheana.
Cúntóirí
Is gnách cúntóirí a fhostú i ról feidhmiúcháin nó teicniúil, agus soláthraíonn siad tacaíocht i réimsí éagsúla, mar shampla an t-airgeadas, an chumarsáid, an riarachán, an taighde, teicneolaíocht na faisnéise nó cur chun feidhme beartais, gan ach beagán a lua.
Scála idir grád AST 1 agus grád AST 11 a bhíonn i gceist le gairmréim an chúntóra, agus is ag na gráid AST 1 nó AST 3 a théann baill foirne i gceann oibre de ghnáth.
Rúnaithe/Cléirigh – Baill foirne tacaíochta
Is gnách go mbíonn rúnaithe agus cléirigh ag plé leis an mbainistíocht oifige agus ag soláthar tacaíocht riaracháin agus theicniúil. Ar na dualgais a bhíonn orthu, tá doiciméid agus comhaid a bhailchríochnú; tacú le gníomhaíochtaí an aonaid nó na roinne (cruinnithe, taisteal oifigiúil, an dialann); faisnéis a thiomsú agus a scaipeadh (bunachair sonraí agus comhaid a nuashonrú); cúraimí láimhe a dhéanamh.
Scála ó ghrád AST/SC 1 go grád AST/SC 6 a bhíonn ann do ghairmréim an rúnaí/an chléirigh. Is ag grád AST/SC 1 nó AST/SC 2 a théann baill foirne nua i gceann oibre de ghnáth.
Faigh tuilleadh eolais sa tábla tuarastail seo.
Faigh tuilleadh eolais faoi na nósanna imeachta roghnúcháin agus faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil le haghaidh baill bhuana foirne.
Is féidir a bheith ag obair leis an Aontas Eorpach ar chonradh ar théarma seasta.
Bíonn roinnt cúraimí láimhe nó riaracháin á ndéanamh ag gníomhairí (nó baill foirne) ar conradh, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfidís acmhainneacht bhreise ar fáil i réimsí speisialtóireachta nuair nach mbíonn líon leordhóthanach oifigeach ar fáil.
Earcaítear baill foirne ar conradh ar dhá bhealach éagsúla: trí phróiseas roghnúcháin CAST Buan nó trí phróiseas roghnúcháin ad hoc.
Sa chéad chineál roghnúcháin, ciallaíonn an focal CAST ‘uirlis roghnaithe gníomhairí ar conradh’ agus ciallaíonn Buan gur roghnúchán é nach bhfuil dáta clabhsúir ná sprioc-am le haghaidh iarratas ag dul leis.
Bíonn poist CAST Buan ar fáil le haghaidh réimse leathan próifílí poist. Sa roghnúchán seo, is ar phróifíl a dhéanann na hiarrthóirí iarratas, seachas ar phost sonrach.
Is féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais baill foirne ar conradh a earcú chun poist shonracha a líonadh trí fholúntais ad hoc le haghaidh baill foirne ar conradh. Sa chás sin, leagtar síos sprioc-am le haghaidh iarratas.
De réir mar a bhíonn gá le baill foirne ar conradh, d’fhéadfadh sé go bhfoilseofaí folúntais ad hoc le haghaidh réimse leathan próifílí, mar shampla stiúrthóirí gréasáin, bainisteoirí innealtóireachta eolaíche, tiománaithe, speisialtóirí sa chumarsáid, taighdeoirí, gan ach cuid acu a lua.
Faigh tuilleadh eolais faoi na próisis iarratais maidir le CAST Buan agus folúntais ad hoc le haghaidh baill foirne ar conradh ar an leathanach Conas iarratas a dhéanamh.
Sna cásanna CAST Buan agus ad hoc araon, na hiarrthóirí sin ar éirigh leo conradh a fháil, earcófar iad go ceann tréimhse shocraithe. D’fhéadfaí síniú go ceann tréimhse éiginnte a chur leis na conarthaí i gcuid de chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
Roinntear na poist le haghaidh baill foirne ar conradh ina gceithre ghrúpa feidhme (leibhéil ghairme):
I. Obair láimhe agus tacaíocht riaracháin (Feidhmghrúpa I)
II. Cúraimí cléiriúla nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus cúraimí coibhéiseacha eile (Feidhmghrúpa II)
III. Cúraimí feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha eile (Feidhmghrúpa III)
IV. Cúraimí riaracháin, comhairleacha, teanga agus cúraimí teicniúla den chineál céanna (Feidhmghrúpa IV)
Faigh tuilleadh eolais sa tábla tuarastail seo.
Faigh amach faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do bhaill foirne ar conradh.
Earcaítear baill foirne shealadacha chun poist fholmha in institiúidí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais a líonadh ar feadh tréimhse ama shocraithe; d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt míonna nó roinnt blianta i gceist leis sin.
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu cúraimí rialála, dlíthiúla, eolaíocha nó tacaíochta airgeadais a dhéanamh; anailís a dhéanamh ar bheartais agus sonraí; dualgais TF, riaracháin, taighde, chumarsáide agus ríomhchláraithe a dhéanamh, gan ach cuid acu a lua.
Clúdaíonn baill foirne shealadacha poist lena mbaineann cineálacha éagsúla cáilíochtaí agus speisialtóireachtaí, ó phoist cúntóirí go poist riarthóirí ar ghrád níos airde.
I gcás poist riarthóra, d’fhéadfaí baill foirne shealadacha a earcú ag grád leibhéil iontrála AD 5 go AD 6 nó gráid níos airde. Ar an dóigh chéanna, tosaíonn gráid na gcúntóirí ag AST 1 - AST 3 agus is féidir go mbeidh siad níos airde i gcás próifílí níos speisialaithe.
Faigh tuilleadh eolais sa tábla tuarastail seo.
Faigh tuilleadh eolais faoi na próisis roghnúcháin agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do bhaill foirne shealadacha.
Tugann cláir oiliúna an Aontais deis do chéimithe nua cur lena scileanna gairmiúla, a líonra teagmhálaithe a mhéadú agus breis eolais a fháil ar an Aontas.
Tugann tréimhsí oiliúna (nó intéirneachtaí) léargas iontach ar obair státseirbhís an Aontais agus bíonn siad ar fáil i gcuid mhór réimsí éagsúla: an dlí, na hacmhainní daonna, an comhshaol, an chumarsáid, an t-airgeadas, an chosaint sonraí, an taighde eolaíoch, na beartais eachtracha, an mhaoin intleachtúil, gan ach beagán a lua.
Tréimhsí oiliúna a mhaireann cúig mhí de ghnáth, sin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus gníomhaireachtaí an Aontais.
Is gá d’iarrthóirí céim ollscoile a bheith acu chun cur isteach ar thréimhse oiliúna. Nuair a bheidh na hoiliúnaithe earcaithe déanfaidh siad cúraimí atá cosúil leo sin a dhéanann riarthóirí ar ghrád níos ísle.
Is tréimhsí íoctha iad formhór na dtréimhsí oiliúna, agus is iondúil gur thart ar €1,200 sa mhí an méid a bhíonn i gceist.
Tá tuilleadh sonraí agus eolas faoi conas iarratas a dhéanamh le fáil ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.
Féach freisin clár na nAmbasadóirí um Ghairmeacha an Aontais atá dírithe ar mhic léinn a mbeadh spéis acu gairmeacha an Aontais a chur chun cinn ar a gcampais ollscoile.
Is éard is Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht (SNInna) ann státseirbhísigh cháilithe ó Bhallstáit an Aontais a chuireann a gcuid saineolais ar fáil don Aontas ar feadh tréimhse ama shocraithe.
Earcaíonn institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais iad nuair a bhíonn gá acu le baill foirne ag a bhfuil sainscileanna is féidir le SNInna a sholáthar. Is sainscileanna iad sin a bhaineann le réimsí amhail an teicneolaíocht, an tslándáil, an dlí, an t-airgeadas, TF, an chumarsáid, an tsláinte agus acmhainní bia agus daonna, gan ach beagán a lua.
Téann malartú saineolais chun tairbhe do chách agus cabhraíonn sé chun caidrimh oibre éifeachtacha réidhe a fhorbairt idir an tAontas agus na Ballstáit.
Ag deireadh a dtréimhse ar iasacht, tugann na SNInna an taithí a fuair siad san Aontas ar ais chuig an riarachán poiblí ina dtíortha dúchais.
Faigh tuilleadh eolais faoi na próisis roghnúcháin agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do SNInna.
Tá roinnt catagóirí eile foirne ann, cuir i gcás:
• Baill foirne eatramhacha
• Saineolaithe an Aontais
• Cúntóirí parlaiminteacha
• Saortheangeolaithe
• Foireann cothabhála agus ceaintín
Tá tuilleadh eolais faoi na catagóirí sin agus faoi na próisis is gá a leanúint chun cur isteach orthu le fáil ar an leathanach Conas iarratas a dhéanamh.