Skip to main content

FAQs

Is saoránach den Ríocht Aontaithe mé. An féidir liom iarratas a dhéanamh i gcónaí?

Question categories:

Ní mór do gach iarrthóir a chuireann isteach ar phróiseas roghnúcháin EPSO a bheith ina shaoránach de Bhallstát amháin den Aontas Eorpach ar a laghad.

  • Más saoránach den Ríocht Aontaithe thú agus má tá an dara saoránacht agat le Ballstát den Aontas, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh. 
  • Mura bhfuil agat ach saoránacht leis an Ríocht Aontaithe, níl tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin EPSO ó tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach. 

Má fhaigheann tú saoránacht le Ballstát den Aontas ag tráth níos déanaí, is féidir leat do shaoránacht a nuashonrú i do chuntas EPSO agus iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin amach anseo.

Féach freisin: Saoránacht an Aontais Eorpaigh – cearta agus deiseanna.