Próifílí gairme in institiúidí an Aontais Eorpaigh
Cuireann institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais réimse deiseanna gairme ar fáil atá saincheaptha do do spriocanna gairmiúla agus do do chúlra oideachais.
Déan do scileanna a mheaitseáil leis na réimsí gairme thíos agus roghnaigh an phróifíl is oiriúnaí duit.
Is féidir leat tabhairt faoi chonairí gairme ina mbainfear an leas is fearr is féidir as do chuid inniúlachtaí agus/nó as do thaithí oibre roimhe seo, cibé acu a théann tú isteach in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar phróifíl níos leithne – ar a dtugtar ‘ginearálaí’ go minic — mar shampla dlíodóir, eacnamaí nó céimí sa riarachán poiblí, nó ar phróifíl níos sonraí – ar a dtugtar ‘speisialtóir’ – mar shampla eolaí, teicneoir, oifigeach airgeadais, dochtúir nó aistritheoir.
Sna róil sin beidh tú in ann dul i gcion ar shaincheisteanna móra, mar shampla an t-athrú aeráide, forbairt eacnamaíoch, cumarsáid dhigiteach, an imirce nó cúrsaí fostaíochta, gan ach beagán acu a lua.
Tuilleadh eolais faoi chatagóirí éagsúla ball foirne, conas iarratas a dhéanamh ar fholúntais agus na trialacha arbh fhéidir go gcaithfeá pas a fháil iontu chun post a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Faigh amach faoi na folúntais atá ar fáil ar ár leathanach deiseanna fostaíochta.