Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Sochair

Ina gcuid oibre, déanann baill foirne an Aontais bearta de réir luachanna an Aontais Eorpaigh, cuidíonn siad chun cinntí a dhéanamh agus cuireann siad pleananna i gcrích a mbíonn tionchar fairsing acu ar na milliúin saoránach den Aontas.

Ag an am céanna, cuireann an tAontas réimse de shochair tharraingteacha ar fáil chun riachtanais ghairmiúla, phearsanta, agus oideachasúla na foirne a chomhlíonadh.

Cliceáil ar na rannáin thíos le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir go mbíonn sé an-dian a bheith ag obair i dtimpeallacht oibre faoi ardghluaiseacht ar nós institiúidí an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, tacaíonn an tAontas Eorpach le daoine cothromaíocht shláintiúil a bhaint amach idir an obair agus an saol agus a bheith i mbarr a maitheasa san ionad oibre agus lasmuigh de.

Trí dhul isteach in institiúidí an Aontais beidh tú in ann freastal ar riachtanais do ghairme agus do shaoil phearsanta araon, agus mar sin ní bheidh ort ceann amháin a roghnú thar an gceann eile.

Ar na sochair bhreise a chuirtear ar fáil chun tacú le folláine na foirne, tá uaireanta oibre solúbtha, socruithe teileaoibre, rochtain ar raon leathan cúrsaí forbartha pearsanta agus cultúr oibre éagsúil cuimsitheach, sochair easaoránacha (e.g. liúntas taistil agus easaoránachta) agus sochair a thacaíonn le teaghlaigh (liúntas do leanaí cleithiúnacha, scoileanna Eorpacha, saoire thuismitheora).

Is cuma cé acu an gcuireann tú isteach ar phost buan nó ar chonradh sealadach, tairgeann institiúidí an Aontais tuarastal iomaíoch a thagann le do chuid scileanna, leis an taithí atá agat, le do chuid freagrachtaí agus lena thiomanta atá tú.

Athraíonn an pá de réir gráid agus grúpa feidhme; maidir le hoifigigh, athraíonn an tuarastal tosaigh ó €3,000 (AST) go dtí €5,000 (AD) ag brath ar an ngrád tosaigh, agus idir €2,000 agus €2,500 atá sa tuarastal tosaigh le haghaidh na ngrúpaí éagsúla feidhme a bhaineann le baill foirne ar conradh. Méadaítear na tuarastail ar bhonn fiúntais agus sinsearachta de réir mar a théitear chun cinn sa tslí bheatha.

Faigh tuilleadh eolais sa tábla tuarastail seo.

D’fhéadfá a bheith i dteideal sochair bhreise a fháil, rud a bhíonn ag brath ar do staid phearsanta, mar shampla liúntas le haghaidh páistí cleithiúnacha, liúntas easaoránachta, aisíocaíocht taistil nó liúntas cónaithe eachtraigh.

Tá tuilleadh eolais i rialacháin foirne an Aontais.

Má tá clann ort nó má tá rún agat clann a thógáil amach anseo, beidh tú i dteideal sochair bhreise a fháil, mar shampla liúntas teaghlaigh agus liúntas leanaí, saoire thuismitheoireachta, liúntas oideachais agus ranníocaíocht maidir le costais taistil bhliantúla le haghaidh easaoránach agus a mball teaghlaigh.

Baineann buntáiste breise le bheith ag obair sa Bhruiséil nó i Lucsamburg: is cathracha iad araon atá an-oiriúnach do theaghlaigh, tá scoileanna náisiúnta agus idirnáisiúnta den chéad scoth iontu, chomh maith le saoráidí cúraim leanaí. Ina measc sin tá na Scoileanna Eorpacha a chuireann oideachas ilteangach agus ilchultúrtha ar fáil do leanaí bhaill foirne an Aontais.

 

Scoileanna Eorpacha

Is bunaíochtaí oifigiúla oideachais iad na Scoileanna Eorpacha atá faoi chomhrialú ag rialtais 27 mBallstát an Aontais. Is ar leanaí bhaill foirne na n-institiúidí Eorpacha atá siad dírithe den chuid is mó. Is é an misean atá ag na Scoileanna Eorpacha oideachas ilteangach ilchultúrtha ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaltaí naíolainne, bunscoile agus meánscoile. Cuirtear bunteagasc ar fáil i dteangacha oifigiúla an Aontais. Leis an bprionsabal sin is féidir tús áite a thabhairt do theanga dhúchais an dalta (T1). Dá réir sin, tá roinnt rannóga teanga i ngach scoil. Chun aontacht na scoile a chothú agus chun fíoroideachas ilchultúrtha a spreagadh, tá béim láidir ar fhoghlaim, ar thuiscint agus ar úsáid teangacha iasachta.

Tá líonra na Scoileanna Eorpacha comhdhéanta de 13 scoil faoi láthair ina bhfuil thart ar 28 300 dalta san iomlán cláraithe. Tá tromlach na ndaltaí sin bunaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, ach tá scoileanna suite i mBallstáit eile freisin.

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais faoi chuspóirí agus prionsabail na Scoileanna Eorpacha agus a suíomhanna uile a aimsiú.

Agus tú ag obair le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tá deis ar fáil duit fás gairmiúil agus pearsanta a dhéanamh ar feadh an tsaoil.

Trí scileanna nua a fhorbairt, is féidir le baill foirne an misneach a chothú, dul chun cinn a dhéanamh ina bpost agus barr a gcumais a bhaint amach maidir lena slí bheatha.

Tá cúrsaí oiliúna ar fáil i réimse leathan ábhar, mar shampla taidhleoireacht an Aontais, an cuimsiú agus an éagsúlacht, bearta an Aontais, caidreamh idirinstitiúideach, réitigh le haghaidh na háite oibre agus réitigh shóisialta, TF agus an fhorbairt dhigiteach, gan ach cuid acu a lua.

An Scoil Riaracháin Eorpach (EUSA) — a cruthaíodh chun cúrsaí idirinstitiúideacha d’ardchaighdeán a chur ar fáil do bhaill foirne an Aontais — is í atá freagrach as roinnt de na cúrsaí oiliúna.

Tá dhá theanga de chuid an Aontais ar a laghad ar a dtoil ag oifigigh an Aontais, agus ní mór dóibh scileanna sa tríú teanga a chruthú roimh a gcéad ardú céime.

Úsáideann baill foirne an Aontais roinnt teangacha ina gcuid obair laethúil. Is cuid thábhachtach í an fhorbairt leanúnach teanga de shlite beatha na mball foirne, agus is é sin an fáth a gcuireann an tAontas réimse cúrsaí teanga ar fáil.