Is ceart don iarrthóir EPSO a chur ar an eolas láithreach sa chaoi is go bhféadfar na bearta is gá a dhéanamh, chun aon choimhlint leasa a sheachaint.
FAQs
Cad is ceart a dhéanamh má tá aithne ag iarrthóir ar dhuine de bhaill an bhoird roghnúcháin?
Cad is comórtas oscailte ann?
Is trí chomórtais oscailte a roghnaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh iarrthóirí do bhuanchonarthaí. Bíonn tástálacha agus cleachtaí measúnaithe ann atá ceaptha do scileanna gairmiúla agus príomhinniúlachtaí ar leith a thomhas. I ngeall ar an líon mór iarrthóirí a chláraíonn do na comórtais, is é seo an próiséas roghnúcháin is cothroime agus is trédhearcaí dá bhfuil ann. Ní ghlactar le hiarratais spontáineacha, dá bhrí sin.
Cad is ‘fógra comórtais’ ann?
Is trí chomórtais oscailte a eagrú a roghnaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh iarrthóirí ar chonarthaí buana. Fógraítear gach ceann de na comórtais sin trí fhógra comórtais a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ar shuíomh gréasáin EPSO. San fhógra comórtais, tá cur síos iomlán ar an bpróifíl atá á lorg, ar na bunriachtanais oideachais, (agus in amanna an taithí oibre) agus tá léiriú ann ar na trialacha agus ar na cleachtaí measúnaithe (atá ceaptha chun d’inniúlachtaí gairmiúla agus príomhinniúlachtaí áirithe a mheas) a bheidh ar siúl le linn an chomórtais. Tá eolas agus treoracha san fhógra comórtais freisin faoi conas iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas oscailte. De ghnáth, foilsítear an fógra comórtais ar an gcéad lá den tréimhse iarratais.
I ngeall ar an líon mór iarrthóirí a chuireann isteach ar na comórtais, measann EPSO gurb é sin an dóigh is cothroime agus is trédhearcaí dá bhfuil ann le hiarrthóirí a roghnú. Ní chuirfear iarratais gan choinne san áireamh mar sin.
Cad is ‘bord roghnúcháin’ ann ?
Tá bord roghnúcháin dá chuid féin ag gach próiseas roghnúcháin (comórtas) d’oifigigh bhuana an Aontais. Oifigigh ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a ndéanann EPSO fónamh dóibh atá ar gach bord roghnúcháin. Tagann oifigigh isteach sa bhord roghnúcháin ar bhonn deonach, tar éis glao tiomnaithe ar léiriú spéise. Ainmníonn a n-eagraíocht tionscnaimh comhaltaí an bhoird roghnúcháin go foirmiúil. Ní mór dóibh gan aon choinbhleacht leasa a bheith acu maidir lena gcomórtas chun go ndeimhneofar gur comhaltaí den bhord roghnúcháin iad.
Oifigigh de chuid an Aontais is ea comhaltaí an bhoird roghnúcháin a gceapann a n-eagraíocht tionscnaimh é chuig comórtas ar leith as an saineolas teicniúil nó teanga atá acu, mar shampla.
Cuirtear oiliúint ar chomhaltaí ainmnithe an bhoird roghnúcháin maidir le modheolaíochtaí roghnúcháin agus measúnaithe sula dtéann siad i mbun a ndualgas agus leanann siad de bheith ag fáil oiliúint agus treoir shonrach ó fhoireann síceolaithe EPSO le linn chéimeanna éagsúla a gcomórtais.
Is iad na boird roghnúcháin a chinneann deacracht na dtrialacha comórtais agus a fhaomhann a n-ábhar. Is iad a mheasann cé acu a chomhlíonann nó nach na gcomhlíonann na hiarrthóirí na critéir incháilitheachta shonracha, is iad a chuireann buanna na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus is iad a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na gceanglas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Tá imeachtaí na mbord roghnúcháin faoi rún agus éascaíonn EPSO a gcuid oibre.