FAQs
Cad a tharlóidh mura n-éireoidh liom i dtrialacha réasúnaíochta an phróisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh?
Question categories:
Mura n-éireoidh leat i dtrialacha réasúnaíochta EPSO le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, ní mór duit fanacht 4 mhí sular féidir cuireadh a thabhairt duit an athuair le haghaidh an ghrúpa feidhme chéanna nó grúpa feidhme níos airde.
Le linn na 4 mhí sin, d’fhéadfaí cuireadh chun trialacha a thabhairt duit le haghaidh grúpa feidhme níos ísle.
Is ón dáta a rinne tú na trialacha a thosaíonn an tréimhse feithimh.
Tabhair do d’aire nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí an athuair i ndiaidh na tréimhse feithimh.