FAQs
Má fhaighim marc trialach níos airde, an amhlaidh a bheidh seans níos fearr agam post a fháil?
Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana
Má fhaigheann tú marc níos airde sna trialacha roghnúcháin le haghaidh comórtais oscailte, d’fhéadfadh sé gur mhó an seans go gcuirfí leis an bpainéal thú, ós rud é gur ar bhonn a bhfeidhmíochta agus rialacha an chomórtais a roghnaítear na hiarrthóirí.
A luaithe a chuirfear leis an bpainéal thú, áfach, is iad institiúidí an Aontais a dhéanann na cinntí earcaíochta, bunaithe ar a riachtanais agus ar phróifíl an iarrthóra, seachas ar mharcanna trialacha ná ar rangú.
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh
Ní hamhlaidh. I bpróisis roghnúcháin le haghaidh baill foirne ar conradh, ní féidir le seirbhísí earcaíochta a fheiceáil ach ar éirigh nó nár éirigh le hiarrthóirí i dtrialacha roghnúcháin EPSO. Níl na marcanna aonair le feiceáil ná ní bhíonn tionchar acu ar chinntí earcaíochta.