FAQs
An féidir mé a réamhroghnú (a chur ar ghearrliosta) le haghaidh níos mó ná próifíl/grúpa feidhme amháin?
Question categories:
Is féidir. I bpróisis roghnúcháin do bhaill foirne a conradh, is féidir thú a réamhroghnú (a chur ar ghearrliosta) le haghaidh níos mó ná próifíl/grúpa feidhme amháin.
Má réamhroghnaíonn seirbhísí earcaíochta éagsúla thú níos mó ná uair amháin don phróifíl chéanna laistigh den ghrúpa feidhme céanna, ní thabharfar cuireadh duit chun trialacha EPSO a dhéanamh ach aon uair amháin.
Má réamhroghnaítear thú le haghaidh próifílí éagsúla agus/nó grúpaí feidhme éagsúla, tabharfar cuireadh duit chun na trialacha a dhéanamh san ord ina bhfaighidh EPSO na hiarrataí ó na seirbhísí earcaíochta.
Ní féidir leis na seirbhísí earcaíochta, ná iarrthóirí ná EPSO tionchar a imirt ar an ord ina bpróiseáiltear iarrataí ar thrialacha.