Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad a tharlóidh má éiríonn liom sna trialacha roghnúcháin arna n-eagrú ag EPSO, ach mura n-éiríonn liom sna trialacha earcaíochta?

Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt do roinnt iarrthóirí trialacha earcaíochta a dhéanamh do gach folúntas. Is faoi na seirbhísí earcaíochta atá sé aiseolas a thabhairt do na hiarrthóirí lena mbaineann maidir le torthaí na dtrialacha sin.

Mar sin féin, mura n-éireoidh leat an uair sin, beidh torthaí do thrialacha EPSO bailí go ceann 10 mbliana (*), ón dáta a bhfoilseofar i do chuntas EPSO iad.

Dá bhrí sin, is féidir go dtabharfaidh an t-earcaitheoir céanna nó duine eile cuireadh chun agallaimh agus/nó trialacha earcaíochta eile duit.

Ná déan dearmad d’iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat a bheith infheicthe i gcónaí ag na seirbhísí earcaíochta.

 

(*) Níl feidhm aige sin ach amháin maidir leis na próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST/P). Tabhair do d’aire go bhfuil torthaí do thrialacha bailí don phróiseas roghnúcháin sonrach sin, agus dó sin amháin.