FAQs
Cad é a tharlóidh má ghnóthaím pas i dtrialacha roghnúcháin EPSO?
Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana
Má ghnóthaíonn tú pas i dtrialacha roghnúcháin EPSO i gcomórtas oscailte, is féidir go gcuirfear le painéal thú. Ní hionann d’ainm a bheith ar phainéal agus é a bheith ina scéal cinnte go bhfaighidh tú tairiscint poist, ach d’fhéadfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh do phróifíl a mheas chun tú a earcú.
Is ar riachtanais na n-institiúidí a bhraitheann bailíocht agus úsáid na bpainéal.
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh
Má éiríonn leat i dtrialacha réasúnaíochta EPSO le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, d’fhéadfadh seirbhís earcaíochta cuireadh a thabhairt duit chun agallaimh agus/nó trialacha breise earcaíochta.
Beidh do thorthaí trialacha bailí go ceann 10 mbliana ón dáta a fhoilseofar i do chuntas EPSO iad.
Beidh siad bailí don ghrúpa feidhme dá ndearna tú na trialacha, agus d’aon ghrúpa feidhme níos ísle ná sin.