Nuair atá trialacha éagsúla scríofa le déanamh mar chuid den chomórtas céanna (e.g. trialacha aistriúcháin), roghnaítear na trialacha sa chaoi is gurb ionann leibhéal deacrachta dóibh.
How can I request special accommodations for the tests due to a disability or medical condition?
You should read the information on Equal opportunities, Diversity and Inclusion, including the guide on How to request specific adjustments for the selection tests.
Please note that in order to benefit from reasonable adjustments to the selection tests, you will have to produce a certificate confirming your disability or medical condition issued by a competent national organisation and/or a specialist.
Don’t forget to fill your application and the form by the deadline for application.
Táim ag iompar clainne, sin nó tá leanbh ar brollach agam, agus tá ceisteanna agam faoi gcaoi a ndéanfaidh mé na trialacha roghnúcháin. Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?
Más ag iompar clainne atá tú le linn thréimhse chlárúcháin an phróisis roghnúcháin, is féidir leat do cheisteanna, fadhbanna nó iarrataí ar choigeartuithe a chur isteach tríd an bhfoirm ar líne a iarrfar ort a líonadh isteach tar éis duit d’iarratas a chur isteach. Beidh an nasc chuig an bhfoirm ar líne san iarratas. Ná déan dearmad an teastas leighis a chur leis lena ndeimhnítear an dáta saolaithe a bhfuil coinne leis nó an dáta saolaithe iarbhír.
Má fhaigheann tú amach níos déanaí go bhfuil tú ag iompar clainne nó má shaolaíonn tú páiste le linn thréimhse an phróisis roghnúcháin, déan teagmháil le foireann thiomnaithe EPSO a luaithe is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig epso-accessibility@ec.europa.eu, agus cuir isteach teastas leighis a dhearbhaíonn an dáta saolaithe a bhfuil coinne leis nó an dáta saolaithe iarbhír.
Cuirfimid in iúl duit cé na roghanna is féidir a bheith ann i ndiaidh dúinn d’iarratas a scrúdú.
Táim faoi mhíchumas nó i riocht sláinte a fhágann go gcaithfí an trealamh oifige agus/nó an timpeallacht oibre a chur in oiriúint dom. Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?
Tabhair do d’aire nach dtabharfaidh EPSO aon eolas maidir leis an míchumas atá ag gabháil duit ná na riachtanais ar leith atá agat do ranna earcaíochta, agus tá sin amhlaidh i ngeall ar na rialacha maidir le rúndacht agus neamh-idirdhealú.
Má tá tú faoi mhíchumas nó más rud é gur gá oiriúnuithe a dhéanamh duit de bharr an reachta sláinte ina bhfuil tú, nó má tá riachtanais ar leith agat, ní mór duit an méid sin a chur in iúl don fhostóir féin nuair a earcófar thú.
Tá eolas le fáil ar an leathanach seo a leanas faoin ngníomhaíocht dhearfach a chuireann fostóirí áirithe chun cinn: Cláir maidir le gníomhaíocht dhearfach
¿Qué debo hacer si considero que no se me ha tratado equitativamente durante una oposición debido a mis diferencias?
Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú, agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go mbíonn na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus mothúchán a chur in iúl dúinn.
Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn óir is iad atá i gcroílár ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le bainistiú comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsithe. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm le fáil ar ár leathanach gréasáin maidir le comhdheiseanna.
Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam mo chuntas Iarrthóra agus/nó an suíomh gréasáin a rochtain le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?
Is mór ag EPSO an inrochtaineacht. Bímid ag síorfhéachaint le feabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus ar ár bpróisis roghnúcháin.
Ach más amhlaidh a bhíonn deacrachtaí agat a bhaineann le do chuntas Iarrthóra nó suíomh gréasáin EPSO a rochtain, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn agus do chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl dúinn.
Más gá, cuireann EPSO formáidí oiriúnaithe ar fáil atá inrochtana ag an teicneolaíocht chúnta
Is mór againn do chuid aiseolais a fháil. Cuidíonn sé linn feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil trína ndéanamh níos inrochtana ag cách.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair a dhéanann EPSO chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht, téigh chuig ár leathanach gréasáin comhdheiseanna.
Conas a fhéachtar chuige go gcaitear go comhionann le gach iarrthóir?
Sula gcuirtear tús leis an bpróiseas roghnúcháin, leagtar síos critéir mheastóireachta oibiachtúla i gcomhréir leis an bhfógra comórtais. Cuirtear na critéir sin i bhfeidhm go dian maidir le gach iarrthóir chun a chinntiú go gcaitear go comhionann le gach aon duine.
Cad é an cur chuige atá ag EPSO chun comhdheiseanna a chinntiú?
Déantar grinnanailís ar thrialacha uile EPSO, agus ar an gcaoi a marcáiltear iad, chun a chinntiú go bhfuil siad féaráilte agus nach mbeidh aon ghrúpa iarrthóirí ar leith faoi mhíbhuntáiste dá ndroim. Faoi láthair tá EPSO i mbun oibre chun a chinntiú go gcomhlíonann sé an Caighdeán ISO úrnua maidir le Próisis Mheasúnúcháin, agus tá sé i gcomhréir cheana féin le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine atá faoi mhíchumas.
Príomhghné den chothroime is ea cothromaíocht inscne, agus bíonn EPSO ar a dhícheall ag iarraidh líon cothrom fear agus bean a mhealladh chun páirt a ghlacadh sna comórtais, agus painéal cothrom d’iarratasóirí, idir fhir agus mhná, a roghnú. I gcás próifílí áirithe, ní hionann an líon iarratas a fhaightear ó fhir agus ó mhná. Ar an iomlán, áfach, is ionann an líon iarratas a fhaightear ó fhir agus ó mhná den chuid is mó. Sa chomórtas ginearálaithe AD is déanaí a reáchtáladh, fir a bhí i 50% de na hiarrthóirí ar éirigh leo agus mná a bhí sa 50% eile.
Conas a chinntímid go gcaitear ar an dóigh chéanna leis na hiarrthóirí agus go bhfuil neamhchlaontacht sna próisis roghnúcháin?
Beidh bord roghnúcháin ar leith ag gach próiseas roghnúcháin chun na hiarrthóirí is fearr a roghnú ar bhonn na gcáilíochtaí agus na n-inniúlachtaí atá sainithe san fhógra comórtais. Oifigigh ó institiúidí an Aontais Eorpaigh atá sna bord roghnúcháin, agus déanann EPSO gach iarracht cothromaíocht a chinntiú i dtaca le hinscne, inniúlacht teanga, coibhneas idir baill foirne agus lucht riaracháin, agus méid na hinstitiúide. Tá cathaoirleach i gceannas ar obair an bhoird agus cabhraíonn leas-chathaoirleach amháin nó roinnt leas-chathaoirleach leis. Cumhdaíonn rúndacht imeachtaí an bhoird gach cúram a bhaineann le measúnú na n-iarrthóirí le linn an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO béim mhór ar an gcomhionannas agus déanann sé gach iarracht meas a léiriú ar chomhdheiseanna do na hiarrthóirí uile, agus a chinntiú go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí, mar a leanas:
- Is é prionsabal na neamhchlaontachta an prionsabal uileghabhálach a threoraíonn obair an bhoird roghnúcháin. Mar shampla, ní féidir aon nasc ordlathach díreach ná gaol teaghlaigh díreach a bheith ann idir comhalta den bhord roghnúcháin agus an t-iarrthóir a bhfuil sé ag déanamh measúnú air. Mar sin féin, ní hionann caidreamh gairmiúil roimhe a bheith ann, nó fiú caidreamh gairmiúil de chineál níos faide amach a bheith ann san am i láthair, agus a rá go huathoibríoch nach féidir an measúnú a dhéanamh.
- Ní mór do chomhaltaí an bhoird roghnúcháin agus d’iarrthóirí araon aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl do EPSO ionas gur féidir an méid sin a chur san áireamh agus coigeartuithe a dhéanamh dá réir.
- Leanann an bord roghnúcháin an cháilitheacht réamhbhunaithe, agus na critéir roghnúcháin agus mheasúnaithe atá leagtha amach san fhógra comórtais. Déantar na critéir sin a dhoiciméadú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go cúramach agus go leanúnach.
- Le hoiliúint leitheadach, cóitseáil agus maoirseacht na gcomhaltaí boird, chomh maith le cruinnithe rialta athbhreithnithe, cinntítear cur chuige comhchuibhithe ó thaobh measúnuithe de.
Bíonn EPSO ag déanamh rialuithe cáilíochta agus anailísí staitistiúla córasacha chun monatóireacht a dhéanamh ar aon chlaontacht a d’fhéadfadh a bheith ann, agus deireadh a chur léi, agus measúnú á dhéanamh ar na hiarrthóirí.