Skip to main content

FAQs

Cad is ceart dom a dhéanamh má fheictear dom nár caitheadh go cothrom liom i gcomórtas i ngeall ar na saintréithe a bhaineann liom?

Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú, agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go mbíonn na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.

Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus ábhar imní a chur in iúl dúinn.

Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn, mar is iad atá i gcroílár ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le comhionannais, éagsúlacht agus cuimsiú. Féach An dóigh a gcinntíonn EPSO comhionannas deiseanna chun tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm.