FAQs
Táim ag iompar clainne, sin nó tá leanbh ar brollach agam, agus tá ceisteanna agam faoi gcaoi a ndéanfaidh mé na trialacha roghnúcháin. Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?
Má tá tú ag iompar clainne le linn na tréimhse iarratais, is féidir leat do cheisteanna nó d’iarrataí ar shocruithe a chur isteach tríd an bhfoirm ar líne a iarrfar ort a líonadh isteach tar éis duit d’iarratas a chur isteach. Beidh an nasc chuig an bhfoirm ar líne ar fáil i d’iarratas. Ná déan dearmad teastas leighis a chur i gceangal a dheimhníonn an dáta saolaithe a bhfuil coinne leis nó an dáta saolaithe iarbhír.
Má fhaigheann tú amach níos déanaí go bhfuil tú ag iompar clainne nó má shaolaíonn tú páiste le linn thréimhse an phróisis roghnúcháin, déan teagmháil le foireann thiomnaithe EPSO a luaithe is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig epso-accessibility@ec.europa.eu, agus cuir isteach teastas leighis a dhearbhaíonn an dáta saolaithe a bhfuil coinne leis nó an dáta saolaithe iarbhír.
Cuirfimid in iúl duit cé na roghanna is féidir a bheith ann i ndiaidh dúinn d’iarratas a scrúdú.