Táim faoi mhíchumas nó i riocht sláinte a fhágann gur gá oiriúnuithe a dhéanamh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin le haghaidh na bpróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh. Cad is gá dom a dhéanamh?
Is féidir leat oiriúnuithe speisialta a iarraidh le haghaidh na dtrialacha roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST P) ach tic a chur sa bhosca ‘Riachtanais speisialta’ san fhoirm iarratais. Iarrfar ort freisin foirm eolais a líonadh isteach maidir le do riachtanais speisialta agus doiciméid tacaíochta ábhartha a chur ar fáil.
Má thugtar socruithe réasúnta duit le haghaidh na dtrialacha a eagraíonn EPSO, cuirfear na sonraí sin in iúl duit roimh dháta na trialach. Uaireanta, má shocraítear na hoiriúnaithe sin d’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar do thriail go dtí an chéad tréimhse eile, agus cuirfear an méid sin in iúl duit dá réir. Cinntíonn EPSO go dtabharfar cuireadh do na hiarrthóirí uile atá réamhroghnaithe (atá ar ghearrliosta) agus go gcuirfear trialacha orthu faoi na dálaí is fearr is féidir.
Tabhair faoi deara: Is iad na seirbhísí earcaíochta a eagraíonn na trialacha earcaíochta. Má tá oiriúnaithe de dhíth ort le haghaidh na dtrialacha, déan teagmháil leis an earcaitheoir nuair a gheobhaidh tú cuireadh chun trialach. Ní thabharfaidh EPSO aon eolas faoi do riocht sláinte ná faoi do riachtanais do na hearcaitheoirí.