Próisis roghnúcháin le haghaidh poist bhuana
Roghnaítear baill foirne bhuana trí chomórtais oscailte a eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).
Tá comórtais EPSO ceaptha painéil a thiomsú, is é sin baiclí iarrthóirí ar éirigh leo ónar féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh daoine a earcú nuair a bhíonn folúntais acu.
Baineann roinnt céimeanna le gach comórtas, ó fhoilsiú an chomórtais go tiomsú an phainéil.
Cineálacha comórtas
Comórtais do chéimithe
- Is féidir le céimithe ollscoile ó gach réimse staidéir páirt a ghlacadh sna comórtais seo
- Níl aon taithí oibre roimhe seo ag teastáil ina leith
- Earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí ag grád AD 5, is é sin an grád tosaigh don chatagóir foirne sin
Comórtais do speisialtóirí
- Is féidir le céimithe agus le daoine nach bhfuil céim acu araon páirt a ghlacadh sna comórtais seo
- Tá siad deartha d’iarrthóirí a bhfuil saineolas acu i réimse gairmiúil ar leith
- Tá taithí oibre ábhartha ag teastáil ina leith
- Earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí (grád AD 6 – AD 9) nó mar chúntóirí (grád AST 3 – AST 9)
Príomhchéimeanna an phróisis roghnúcháin
Anseo thíos tá forléargas ar na gnáthchéimeanna i gcomórtas EPSO.
Cliceáil ar gach céim chun níos mó eolais a fháil.
1. Foilsiú an chomórtais
Tosaíonn an próiseas le foilsiú fógra comórtais ar shuíomh gréasáin EPSO agus in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Is é seo an doiciméad tagartha riachtanach atá agat le linn an chomórtais ar fad, ina leagtar amach an méid seo a leanas:
- An phróifíl atá á lorg agus na príomhdhualgais
- Na critéir incháilitheachta
- Na trialacha atá le déanamh mar chuid de
- Forléargas ar gach céim den chomórtas
2. Iarratas
Le páirt a ghlacadh ann, lean na céimeanna seo a leanas:
Roghnaigh an comórtas ceart
Roghnaigh an comórtas is fearr a oireann do do chúlra oideachais agus gairmiúil.
- Léigh na príomhdhoiciméid uile
Léigh go cúramach an fógra comórtais agus aon eolas tacaíochta atá ar fáil ar leathanach gréasáin an chomórtais. - Déan d’incháilitheacht a sheiceáil (roghnach)
Bain úsáid as Ionstraim an tSuirbhé um Measúnú Taithí (EASI), rud atá ar fáil ar leathanach gréasáin an chomórtais, chun d’incháilitheacht a sheiceáil ar bhonn do cháilíochtaí agus do thaithí féin.
Tá na torthaí faoi rún agus is agatsa amháin atá siad le feiceáil.
- Téigh isteach i dTairseach Aonair na nIarrthóirí
Is trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí a dhéanann iarratasóirí iarratas, agus tríthi sin amháin. Is í an tairseach sin an príomhbhealach cumarsáide le linn an phróisis ar fad.
Cliceáil ar ‘Déan iarratas’ ar leathanach gréasáin an chomórtais. Iarrfar ort logáil isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí trí do chuntas EU Login. Mura bhfuil cuntas EU Login agat, beidh ort ceann a chruthú ar dtús.
- Líon isteach agus bailíochtaigh an fhoirm iarratais
Líon isteach an fhoirm iarratais go cúramach agus cuir isteach roimh an sprioc-am í.
Déanfar gach nuashonrú agus gach cumarsáid faoi d’iarratas a bhainistiú trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
Is féidir liostáil freisin ar leathanach gréasáin an chomórtais chun fógraí ríomhphoist a fháil aon uair a fhoilsíonn EPSO eolas nua.
3. Trialacha
Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais curtha isteach acu faoin sprioc-am a luaitear san fhógra comórtas, tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha.
Ag brath ar an gcomórtas, d’fhéadfadh na cineálacha seo trialacha a leanas a bheith i gceist:
- Trialacha réasúnaíochta
Is trialacha ilrogha iad na trialacha réasúnaíochta lena ndéantar measúnú ar scileanna réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí na n-iarrthóirí.
- Triail eolais ar an Aontas Eorpach – le haghaidh comórtais do chéimithe
Is éard atá sa triail eolais ar an Aontas Eorpach ceistneoir ilrogha faoin Aontas, faoina institiúidí, faoina nósanna imeachta agus faoi na príomhbheartais. Na tagairtí do na foinsí a úsáidtear chun an triail seo a fhorbairt, cuirfear ar fáil iad ar shuíomh gréasáin EPSO tar éis an fógra comórtais a fhoilsiú. - Triail réimse-shonrach – le haghaidh comórtais do speisialtóirí
Is éard atá sa triail réimse-shonrach ceistneoir ilrogha a bhaineann le réimse an chomórtais. - Triail scileanna digiteacha – sa chás a bhfuil gá léi de réir an fhógra agus sa chás sin amháin.
Is ceistneoir ilrogha atá sa triail scileanna digiteacha atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar litearthacht dhigiteach iarrthóirí, is é sin an cumas teicneolaíochtaí digiteacha a thuiscint agus a úsáid le haghaidh tascanna agus chun críoch éagsúil. - Triail scríofa
Tá an triail scríofa dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra. Leis an triail seo, déantar measúnú ar do chumas scríobh go soiléir agus go héifeachtach.
4. Seiceáil incháilitheachta
Ag céim ar leith den phróiseas roghnúcháin, fíoraíonn EPSO go gcomhlíonann iarrthóirí na critéir incháilitheachta uile (e.g. náisiúntacht, oideachas, scileanna teanga, taithí oibre).
Ní féidir ach iarrthóirí a chomhlíonann na critéir a chur ar an bpainéal.
5. Painéal
Ag deireadh an chomórtais tiomsóidh EPSO painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo, rud ónar féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh iad a earcú nuair a bheidh folúntas oiriúnach ann.
Más amhlaidh atá tú ar an bpainéal sin, tá tú incháilithe chun earcaíochta ach ní fhostófar go huathoibríoch thú.
6. Iarraidh ar athbhreithniú
Má chreideann tú go raibh earráid nó neamhrialtacht nós imeachta ann a rinne difear do thorthaí do thrialach, féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh.
Earcaíocht
A luaithe a bheidh painéal curtha ar bun, is iad na hinstitiúidí den Aontas a bhainistíonn a n-earcaíocht féin bunaithe ar a riachtanais shonracha foirne.
Nuair a thagann folúntais chun cinn, déanfaidh na hinstitiúidí an méid seo a leanas:
- Féachaint ar an bpainéal chun na hiarrthóirí is fearr a oireann do dhualgais an phoist a shainaithint.
- Cuireadh chun agallaimh a thabhairt d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta (d’fhéadfadh sé go rachadh roinnt institiúidí i dteagmháil le cuid acu)
- Tairiscintí poist a thabhairt d’agallaithe ar éirigh leo.
I gcásanna áirithe, foilsíonn na hinstitiúidí den Aontas folúntais atá ar fáil go díreach i gcuntas an iarrthóra freisin.
Ansin is féidir le hiarrthóirí atá ar phainéal iarratas a dhéanamh go díreach trína gcuntas. Is iad na hinstitiúidí féin a chinneann cé na folúntais a bheidh le feiceáil ag painéal/painéil ar leith.