Conas an fhoirm iarratais a líonadh isteach
Sula ndéana tú iarratas ar chomórtas:
Léigh an fógra comórtais
Déan a sheiceáil an bhfuil do chuntas EU Login socraithe i gceart. Féach Conas is féidir liom a fhíorú go bhfuil mo chuntas EU Login socraithe i gceart chun iarratas a dhéanamh trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí?
Déan a chinntiú nár chruthaigh tú do chuntas EU Login trí úsáid a bhaint as roghanna tríú páirtí, cuir i gcás: eID, Facebook nó Google. Cuntais ina n-úsáidtear logáil isteach tríú páirtí, déanfar iad a bhac ar iarratas a dhéanamh ar chomórtais EPSO.
CÉIM 1 - Logáil isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí trí do chuntas EU Login. Mura bhfuil cuntas EU Login agat, beidh ort ceann a chruthú ar dtús.
CÉIM 2 - Do phróifíl a nuashonrú
- Téigh go ‘Mo chuntas’ → ‘Mo phróifíl’
- Déan a sheiceáil go bhfuil do shonraí pearsanta ceart. Mura bhfuil:
- Iarrthóirí inmheánacha: chun nuashonrú a iarraidh, déan teagmháil le do sheirbhís acmhainní daonna
- Iarrthóirí seachtracha: chun nuashonrú a iarraidh, cliceáil ar ‘Iarraidh a dhéanamh do chuid sonraí pearsanta a nuashonrú’
- Más gá, cuir do chuid Sonraí Teagmhála Pearsanta in eagar trí chliceáil ar an réimse lena mbaineann agus an t-eolas nuashonraithe a shábháil
- Roghnaigh do shainroghanna úsáideora
- Náisiúntachtaí: cuir isteach náisiúntacht AE amháin ar a laghad
- Cliceáil ‘Cuir isteach náisiúntachtaí’
- Roghnaigh ón roghchlár anuas
- Tá na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh roghnach
- Cliceáil ‘Sábháil’
- Cliceáil ‘Siar’
- Roghnaigh do shainroghanna iarratais
- Cliceáil ‘Sábháil’
CÉIM 3 - Do CV a chruthú
Ní gá duit do CV a líonadh isteach ach uair amháin, nó sábhálfar é i do phróifíl ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí agus is féidir é a nuashonrú nó a athúsáid in iarratais amach anseo. Is féidir leat do CV a chomhlánú in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Má tá iarratas á dhéanamh agat den chéad uair trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí, tabhair dóthain ama chun é a chur i gcrích go cúramach.
- Téigh go ‘Mo chuntas’ → ‘Mo CV’, agus líon isteach do thaithí oibre, oideachas agus oiliúint, agus do scileanna teanga.
- Má tá tú ag obair d’institiúid nó do chomhlacht de chuid an Aontais cheana féin, is féidir leat SYSPER a oscailt chun do thaithí a chóipeáil agus a ghreamú isteach i do CV.
- Uaslódáil doiciméad aitheantais bailí.
- Is féidir leat naisc chuig leathanaigh ghréasáin a chur isteach i ranna éagsúla de do CV. Cliceáil ar shiombail an ghlais chun é a oscailt, cuir isteach an nasc, agus cuir faoi ghlas arís é.
- Cliceáil ‘Sábháil’ ag deireadh na foirme gach uair a chuireann tú taifead le do CV.
Is féidir leat do CV a nuashonrú am ar bith. Déan a chinntiú go bhfuil sé cothrom le dáta agus tú ag déanamh iarratais. Má chuireann tú do CV in eagar tar éis duit iarratas a chur isteach, ní mór duit é a chur isteach arís roimh an sprioc-am ionas go mbeidh an leagan nua nasctha le d’iarratas.
Taithí oibre
Cliceáil ‘Cuir isteach taithí oibre’ chun an méid seo a leanas a chur isteach:
- Dátaí tosaigh agus deiridh na fostaíochta
- Sonraí an fhostóra:
- Suíomh
- Cur síos ar do chúraimí agus ar do fhreagrachtaí

Oideachas agus oiliúint
Cuir isteach sonraí faoin oideachas agus oiliúint atá faighte agat, mar shampla:
- Teideal do dhioplóma nó do cháilíochta
- Ainm na hinstitiúide nó na heagraíochta bronnta
- Seoladh na hinstitiúide
- Leibhéal cáilíochta a baineadh amach
Scileanna teanga
Cuir isteach do scileanna teanga agus léirigh do leibhéal lena n-aghaidh seo a leanas:
- Labhairt
- Scríobh
- Léamh
Is féidir leat níos mó ná teanga amháin a chur isteach, agus ba cheart duit do mháthairtheanga a chur san áireamh i gcónaí.
CÉIM 4 - Cliceáil ar an roghchlár: ‘Déan iarratas ar chomórtas’
CÉIM 5 - An fhoirm iarratais a líonadh isteach
Tá liosta de na réimsí nach mór a líonadh isteach fós le fáil ag bun gach CV/leathanaigh iarratais (faoi ‘Eolas riachtanach’).
Is féidir leat an t-iarratas a shábháil mar dhréacht agus é a chríochnú agus a chur isteach níos déanaí.
Ní chuirtear san áireamh aon iarratas nach gcuirtear isteach roimh an sprioc-am. Má bhíonn fadhb agat le d’iarratas, ní mór duit dul i dteagmháil le EPSO i bhfad roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh.
Incháilitheacht
Dearbhaigh go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha, mar atá sonraithe san fhógra comórtais, faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh.
Iarrthóirí nach gcomhlíonann na ceanglais incháilitheachta uile faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, níor cheart dóibh iarratas a dhéanamh.
Sonraí clárúcháin
Roghnaigh na teangacha is mian leat a úsáid chun na trialacha a dhéanamh (Teanga 1, Teanga 2, etc.) i gcomhréir leis na ‘Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo’ san fhógra comórtais. Ní féidir na teangacha sin a athrú tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh.
Is féidir an t-iarratas a líonadh isteach agus a chur isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Dearbhaigh d’iarratas ar oiriúnaithe sonracha mar gheall ar mhíchumas nó riocht sláinte, a mbeadh socruithe réasúnta ag teastáil ina leith (i.e. oiriúnaithe) agus lean na treoracha san fhoirm iarratais. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar na leathanaigh ghréasáin thiomnaithe.

Spreagadh agus buanna
Ní úsáidfear an t-eolas sa rannán ‘spreagadh agus buanna’ de d’iarratas le linn an phróisis roghnúcháin féin, ach ba cheart duit é a dhréachtú agus a fhios agat go n-aistreofar chuig na seirbhísí earcaíochta é má éiríonn leat spás a fháil ar an bpainéal ionadaithe.
Dearbhú
Sula gcuirfidh tú isteach an fhoirm iarratais, ní mór duit a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis atá i d’iarratas iomlán agus ceart.
Is ceart d’iarrthóirí ar phost in institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh gníomhú go sár-ionraic iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 27, an chéad mhír, agus le hAirteagal 28(c) de na Rialacháin Foirne.
I gcás calaoise nó iarracht ar chalaois, féadfaidh EPSO cinneadh a dhéanamh a dhearbhú go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe ar feadh tréimhse ama teoranta do chomórtais a reáchtálfar ina dhiaidh sin.
CÉIM 6 - Do dhoiciméid tacaíochta a uaslódáil
- Uaslódáil doiciméid a thacaíonn leis an eolas i d’iarratas (e.g. cruthúnas ar oideachas agus taithí ghairmiúil) faoin sprioc-am atá sonraithe san fhógra comórtais.
- Ní mór doiciméad tacaíochta amháin ar a laghad a bheith i ngach iontráil sna ranna ‘Taithí oibre’ agus ‘Oideachas agus oiliúint’, agus é ceangailte trí shiombail an fháiscín páipéir sa chúinne ag an mbarr ar dheis. Ní chuirfear san áireamh iontrálacha gan doiciméid tacaíochta.
- De ghnáth, ní bhíonn doiciméid tacaíochta ag teastáil le haghaidh scileanna teanga. Féach an fógra comórtais le haghaidh eisceachtaí (e.g. próifílí teanga).
- Má uaslódálann tú do dhoiciméid sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach agus roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, ní mór duit iad a uaslódáil sa rannán ábhartha de do CV (faoi ‘Oideachas agus Oiliúint’ agus ‘Taithí oibre’).
- Má uaslódálann tú do dhoiciméid tar éis duit d’iarratas a chur isteach agus tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh, ní mór duit iad a uaslódáil sa rannán ábhartha de d’iarratas (agus ní i do CV) (faoi ‘Oideachas agus Oiliúint’ agus ‘Taithí oibre’).
CONAS D’IARRATAS A ATHRÚ
Bíonn rochtain agat i gcónaí ar na hiarratais a chuir tú isteach agus ar na dréacht-iarratais a rinne tú sa rannán ‘Mo chuid iarratas’. Is féidir leat iad a scriosadh nó a mhodhnú am ar bith roimh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh.
Má chuireann tú d’iarratas in eagar tar éis duit é a chur isteach, ná déan dearmad ‘Cuir isteach’ a chliceáil arís. Mura ndéanfaidh tú sin, beidh stádas ‘dréacht’ ag d’iarratas i gcónaí agus ní chuirfear san áireamh é.
Tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh, is féidir leat d’iarratas a tharraingt siar tríd an bhfoirm ‘Scriosadh nó tarraingt siar a iarraidh’ sa rannán ‘Déan teagmháil linn’ sa chuntas.

Stádais éagsúla iarratais:
DRÉACHT - Níor cuireadh isteach go fóill é (Scriostar dréacht-iarratais tar éis an sprioc-ama).
CURTHA AR CEAL MODHNAITHE - Tá d’iarratas tosaigh curtha in eagar agat, rud a chruthaíonn iarratas nua go huathoibríoch. Fágann sé sin go bhfuil an t-iarratas a rinne tú roimhe seo ‘curtha ar ceal modhnaithe’
BAILÍOCHTAITHE - Iarratais a cuireadh isteach.
AR SIÚL - Tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh, is é ‘AR SIÚL’ an stádas a bheidh i gceist.
CURTHA AR CEAL - Is tú a chuir an t-iarratas ar ceal.
NEAMHBHAILÍ - Níl d’iarratas bailí agus ní féidir é a chur san áireamh
DÍCHÁILITHE - Féadfar d’iarratas a dhícháiliú i gcomhréir leis an bhfógra comórtais