
Conas cuntas EU Login a chruthú

- Oscail an nasc https://webgate.ec.europa.eu/cas i do bhrabhsálaí Idirlín.
- Féach an bhfuil cuntas EU Login agat cheana féin a bhaineann le do sheoladh ríomhphoist tríd an seoladh sin a chur isteach agus cliceáil ar ‘Ar aghaidh’. Más ann don chuntas cheana féin, agus más rud é nach cuimhin leat do phasfhocal, cliceáil ar ‘An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’.
Mura bhfuil cuntas seachtrach EU Login agat go fóill, cliceáil ar ‘Cruthaigh cuntas’.
Líon isteach na chéad cheithre réimse, cuir isteach na carachtair a thaispeántar sa phictiúr sa réimse Cuir isteach an cód, cuir tic sa bhosca ‘ráiteas príobháideachais’ agus ansin cliceáil ar ‘Cruthaigh cuntas’.
TÁBHACHTACH: Ní mór na sonraí pearsanta i do chuntas EU Login (do shloinne, do chéadainm agus do dháta breithe) a bheith comhionann leis na sonraí pearsanta ar do dhoiciméad aitheantais ar a bhfuil grianghraf díot (cárta aitheantais nó pas). Má tá níos mó ná sloinne nó céadainm amháin ar do dhoiciméad aitheantais, ní mór duit gach ceann acu a lua.
Is féidir na litreacha san íomhá ‘captcha’ a scríobh ina gceannlitreacha nó ina litreacha beaga sa bhosca os cionn na líníochta. I gcás deacrachta agus tú ag léamh na gcarachtar saofa, is féidir seicheamh nua a iarraidh ach
a chliceáil, sin nó éisteacht leis an leagan fuaime ach
a chliceáil. Tabhair faoi deara: D’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le captcha, ag brath ar leibhéal slándála do bhrabhsálaí idirlín/leagan amach do ríomhaire.
Tar éis an iarraidh a chlárú, taispeánfar an teachtaireacht seo a leanas:
Tar éis cúpla nóiméad, seolfar teachtaireacht ó Sheirbhís Fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh chuig do sheoladh ríomhphoist. Mura dtagann an teachtaireacht, féach i d’fhillteán turscair nó i d’fhillteán dramhphoist.
Oscail an ríomhphost agus cliceáil ar an nasc chun do phasfhocal a chruthú.
Níl ach 24 uair an chloig agat chun an méid sin a chur i gcrích. Má théann an t-am sin thart, rachaidh an nasc in éag agus beidh ort an rogha ‘An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’ a roghnú (féach pointe 2) chun nasc nua a fháil le do phasfhocal a athshocrú.
Líon isteach an réimse ‘Pasfhocal nua’ leis an bpasfhocal is mian leat a úsáid agus lean na treoracha. Cuir isteach do phasfhocal arís in ‘Deimhnigh an pasfhocal nua’ agus cliceáil Seol.
Cuirfidh an córas in iúl duit gur glacadh leis an bpasfhocal.
Cliceáil ar ‘Ar aghaidh’ chun logáil isteach i do chuntas EU Login.
9. Íoslódáil aip mhóibíleach EU Login ar do ghuthán póca. Beidh an méid sin ag teastáil níos déanaí chun fíordheimhniú ilfhachtóra a chomhlíonadh.

Nuair a bheidh aip mhóibíleach EU Login suiteáilte, téigh chuig an nasc seo: https://webgate.ec.europa.eu/cas/userdata/myAccount.cgi chun do ghléas a chlárú le do chuntas EU Login.

Tá eolas breise agus ceisteanna coitianta i ndáil le EU Login ar fáil ag Cuidiú maidir le EU Login
I gcás fadhbanna a bhaineann le do chuntas EU Login a chruthú nó le rochtain a fháil air, déan teagmháil le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála.