Is féidir leat athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO a dhéanann difear don dul chun cinn atá á dhéanamh agat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, má mheasann tú go ndearnadh earráid ábhartha nó gur sáraíodh rialacha nós imeachta an chomórtais.
Bhí fadhb ann le ceann de na ceisteanna ilrogha le haghaidh an chomórtais oscailte ina bhfuil mé páirteach; cad is féidir liom a dhéanamh?
Má tá amhras nach beag ort faoi aon ábhar i gceann de na ceisteanna trialach, déan teagmháil linn trí shuíomh gréasáin EPSO (Seirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí), agus tríd an suíomh sin amháin, laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ceisteanna ilrogha. Déan cur síos ar ábhar na ceiste ionas go bhféadfar an cheist/na ceisteanna a aithint, agus mínigh an earráid a shíleann tú atá ann chomh soiléir agus is féidir. Luaigh d’uimhir iarrthóra freisin (féach Iarscríbhinn chomhfhreagrach an fhógra comórtais).
Más amhlaidh nach bhfuil ceist áirithe ag teacht leis na dianchritéir cháilíochta atá ag EPSO, in ainneoin dianchóras rialúcháin cáilíochta a bheith i bhfeidhm, déanfar na bearta ceartaitheacha seo a leanas:
- Déanfar an cheist sin a cheartú nó a bhaint den bhunachar sonraí
- Déanfar an cheist a chur ar ceal (‘a neodrú’) agus déanfar na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile.
- Ní dhéanfaidh athríomh na bpointí difear ach amháin do na hiarrthóirí a raibh an cheist/na ceisteanna lena mbaineann le freagairt acu.
- Ní thiocfaidh aon athrú eile dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais.
Gheobhaidh tú freagra ar do ghearán faoin ábhar trialach go gairid sula bhfoilseofar torthaí na dtrialacha i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí.
Sílim gur cheart mé a ligean isteach sa chomórtas ar bhonn mo cháilíochtaí agus/nó mo thaithí oibre
Fiú má chreideann tú gur cheart do chuid cáilíochtaí/do thaithí a mheas de réir mar a thuigtear duit a bheith ceart, is tuairim shuibiachtúil é sin agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an bhoird roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an bord earráid fhollasach.
I gcritéir mheasúnúcháin an bhoird roghnúcháin, is gnách go mbíonn liosta san áireamh de na nithe a shíleann sé a bhaineann le hábhar ó thaobh ábhair a ndearnadh staidéir orthu, dioplómaí a baineadh amach, leibhéal an dioplóma agus ábharthacht agus leibhéal na hoibre agus an fad a mhair sí.
Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith le cinneadh an bhoird roghnúcháin tú a chur as an áireamh ar bhonn na gcritéar roghnúcháin réamhshocraithe:
Ní leor an bhaint idir do dhioplóma agus réimse an chomórtais
Níl do dhioplóma ar an leibhéal ceart nó ní leor an fad a mhair an cúrsa as ar tháinig an dioplóma
Ní leor an bhaint idir do thaithí oibre agus réimse an chomórtais
Ní leor an fad a chaith tú ag obair sa réimse i gceist.
Ní leor an taithí oibre ábhartha a fuair tú ó bhain tú amach an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas
Feictear dom go ndearnadh earráid ábhartha i marcáil mo thrialach (e.g. ní hé mo mharc féin a fuair mé ach marc iarrthóra eile/níor marcáladh an triail ina hiomláine)
Sula gcuirtear torthaí trialach in iúl don iarrthóir, déanann an bord roghnúcháin iad a sheiceáil, a fhaomhadh agus a bhailíochtú.
Is aistritheoir oilte mé, agus dá bhrí sin ba cheart an marc a ghnóthaigh mé a bheith níos airde
Is ar an aistriúchán a rinne tú lá na trialach atá do mharc bunaithe. Ní haon údar é an taithí oibre ná na cáilíochtaí atá agat le cur in aghaidh na breithe a thug an bord roghnúcháin ar a fheabhas atá an t-aistriúchán a rinne tú.
An féidir liom cóip de na critéir mheasúnúcháin, den scéim mharcála, de script mharcáilte nó de shonraí na marcála a fháil?
Ní féidir. Tá na nithe sin clúdaithe ag rúndacht imeachtaí an Bhoird Roghnúcháin faoi mar atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.
An féidir liom cóip neamh-mharcáilte de thriail scríofa/phraiticiúil a rinne mé a fháil?
Is féidir, ach amháin sa chás ina mbeidh sé beartaithe ábhar na trialach a úsáid arís. Ina leithéid de chás, cuirfear an méid sin in iúl duit roimh ré san fhógra comórtais agus/nó sa chuireadh chun trialach.
Cad is ceart a dhéanamh má tá aithne ag iarrthóir ar dhuine de bhaill an bhoird roghnúcháin?
Is ceart don iarrthóir EPSO a chur ar an eolas láithreach sa chaoi is go bhféadfar na bearta is gá a dhéanamh, chun aon choimhlint leasa a sheachaint.
An féidir liom gearán riaracháin a dhéanamh (faoi Airteagal 90) sula bhfaighe mé an freagra ar an iarraidh ar athbhreithniú (maidir leis an ábhar céanna)?
Ní féidir. Má mheastar go bhfuil gá le gearán riaracháin, is ceart é a dhéanamh i ndiaidh duit an freagra a fháil. Caithfidh gearán riaracháin faoi Airteagal 90 a bheith bunaithe ar chinneadh a dhéanann dochar do do stádas dlí mar iarrthóir, i.e. sa chás sin, an bord roghnúcháin cinneadh a dhéanamh gan glacadh le hiarraidh ar athbhreithniú. Trí mhí ó fhógairt an chinnidh is mian leat a chonspóid, sin é an teorainn ama atá ann le gearán a dhéanamh faoi Airteagal 90.
An féidir liom cás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
Is féidir le gach iarrthóir cás a thabhairt os comhair na Cúirte i gcoinne cinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó an t-údarás ceapacháin agus a rinne dochar dá stádas dlí mar iarrthóir.
Ní mór an t-achomharc a chur faoi bhráid na Cúirte faoi cheann trí mhí agus deich lá ó fhógairt an chinnidh ar mian leis an iarrthóir cur ina choinne.
Is féidir leis an gCúirt cinneadh ar cuireadh ina choinne a chur ar ceal ach ní féidir léi é a leasú.
Kan jag lämna in ett klagomål till Europeiska ombudsmannen?
Is féidir le gach iarrthóir gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman faoi cheann dhá bhliain ón dáta a rinneadh na gníomhartha drochriaracháin atáthar a mhaíodh a rinneadh.
Vilken typ av klagomål är relevant i mitt fall?
Más iarrthóir thú a bhfuil iarratas bailíochtaithe aige ar cheann de chomórtais oscailte nó próisis roghnúcháin EPSO, tá tú i dteideal ceann ar bith de na cineálacha gearáin a dhéanamh.
Féach an fógra comórtais freisin chun forléargas iomlán a fháil ar na caíonna éagsúla ina bhféadfaidh tú gearán a chur isteach.
What should I do if I feel that I was not treated fairly during my competition due to my difference(s)?
EPSO places great importance on equality, diversity and inclusion, and makes every effort to respect equal opportunities, equal treatment and equal access for all its applicants.
If you feel that you have been treated in an unfair or discriminatory way, due to one or more of the following characteristics: sex, race, colour, ethnic or social origin, genetic features, language, religion or belief, political or any other opinion, membership of a national minority, property, birth, disability, age or sexual orientation, please contact us straight away to share your observations and feelings.
We pay a lot of attention to feedback from applicants, who are at the heart of our policies and practices on equality, diversity and inclusion management. For more information on how we put these policies into practice, please see How EPSO ensure equal opportunities.
Έχω υποβάλει αίτημα επανεξέτασης αλλά δεν έχω λάβει απάντηση. Πρέπει να στείλω κάποια υπενθύμιση;
Má fuair tú admháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrúchán a sheoladh mura bhfuil am suntasach caite ó chuir tú an gearán isteach.
Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun na freagraí ar iarrataí ar athbhreithniú a ullmhú. Ní mór don bhord roghnúcháin teacht le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoi, agus is ina dhiaidh sin amháin a dhéantar freagraí a ullmhú agus a sheoladh.
Τι θα συμβεί αν γίνω εκ νέου δεκτός/δεκτή στον διαγωνισμό μετά από επανεξέταση αλλά οι δοκιμασίες έχουν ήδη προχωρήσει στο επόμενο στάδιο;
Dá ligfeadh an bord roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, chuirfí isteach arís thú ag an gcéim chéanna ónar cuireadh amach thú, is cuma cén chéim atá bainte amach sa chomórtas faoin tráth sin.
Bhí fadhb ann le cuid shonrach den triail scríofa nó den triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach, cad is féidir liom a dhéanamh?
Should you have a serious doubt about the content of a test (WT or FRMCQ), please contact us only via the contact form for questions in your Single Candidate Portal account, within 3 calendar days of the date of your tests, by describing what the question or test part was about (content) in order to identify the question or part concerned and explain the nature of the alleged error as clearly as possible. Please also mention your candidate number (see the respective Annex of the Notice of Competition).
If the identified test content does not comply with EPSO´s strict quality criteria despite thorough quality controls in place, corrective measures will be taken.
You will receive a reply to your complaint about the test content shortly before the publication of the test results in your candidate account.
An bhfaighidh mé freagra tar éis dom gearán teicniúil a chur isteach faoi na trialacha réasúnaíochta um roghnúchán ball foirne ar conradh?
Ní i gcónaí a gheobhaidh tú freagra. Braitheann sé ar thoradh do thrialach.
- Má ghlactar le do ghearán teicniúil agus má fuair tú pas sna trialacha réasúnaíochta:
Is i do chuntas EPSO a gheobhaidh tú torthaí do thrialacha, agus ann sin amháin.
Ní bhfaighidh tú freagra ar leith maidir le do ghearán teicniúil. - Má ghlactar le do ghearán teicniúil agus má theip ort sna trialacha réasúnaíochta:
Gheobhaidh tú cuireadh chun na trialacha réasúnaíochta a dhéanamh arís ag ceann de na chéad seisiúin trialacha eile.