FAQs
Sílim gur cheart mé a ligean isteach sa chomórtas ar bhonn mo cháilíochtaí agus/nó mo thaithí oibre.
Question categories:
Fiú má chreideann tú gur cheart do chuid cáilíochtaí agus do thaithí a mheas de réir mar a thuigtear duit a bheith ceart, is tuairim shuibiachtúil é sin agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an bhoird roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise go ndearna an bord earráid fhollasach.
I gcritéir mheasúnúcháin an bhoird roghnúcháin, is gnách go gcuirtear san áireamh ábharthacht na n-ábhar a ndearnadh staidéir orthu, na dioplómaí a baineadh amach, leibhéal an dioplóma, agus leibhéal agus fad na taithí oibre.
D’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith i gceist le cinneadh gan iarrthóir a chur san áireamh, bunaithe ar na critéir roghnúcháin réamhbhunaithe:
- Ní leor an bhaint idir do dhioplóma agus réimse an chomórtais;
- Níl do dhioplóma ar an leibhéal is gá nó ní leor an fad a mhair an cúrsa as ar tháinig an dioplóma;
- Ní leor an bhaint idir do thaithí oibre agus an réimse;
- Ní leor an fad a chaith tú i mbun oibre sa réimse;
- Ní leor an taithí oibre ábhartha a fuair tú ó bhain tú amach an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas seo.