FAQs
Bhí fadhb ann le ceist trialach nó le hábhar trialach. Cad é is féidir liom a dhéanamh?
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh
Má tá amhras nach beag ort i leith an ábhair i gceann de na ceisteanna ilrogha i dtriail próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, déan teagmháil linn laistigh d’aon (1) lá féilire (i.e. faoi dheireadh an lae i ndiaidh na dtrialacha).
Ba cheart duit ráiteas soiléir a thabhairt ar na cúinsí, agus d’uimhir iarrthóra san áireamh, mar atá leagtha amach sa ghlao ar léiriú spéise.
Má fhaightear amach nach bhfuil mír áirithe ag cloí le critéir cháilíochta EPSO, cuirfear na bearta ceartaitheacha seo a leanas i bhfeidhm:
- Déanfar an mhír a cheartú nó a bhaint den bhunachar sonraí;
- Féadfar bearta ceartaitheacha a dhéanamh má fhaigheann EPSO amach gur imríodh tionchar diúltach ar an iarrthóir. Sna cásanna sin, tabharfaidh EPSO pointe breise don iarrthóir sin le haghaidh gach ceiste a chuirtear ar neamhní, suas le pointe amháin ar a mhéad in aghaidh na ceiste san iomlán.
Iarrthóirí nach féidir tionchar a bheith ag toradh a ngearáin ar thorthaí a dtrialacha – toisc gur bhain siad amach na pasmharcanna nó toisc nach mbainfidís amach an pasmharc/na pasmharcanna fiú dá seasfaí lena ngearán – ní chuirfear bearta ceartaitheacha i bhfeidhm ina leith.
Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama nó gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag maíomh go raibh sí/siad ann, ní dhéanfar na gearáin sin a mheas. Gearáin nach mbaineann ach le saincheisteanna aistriúcháin, gan aon mhíniú breise a bheith ag gabháil leo, ní dhéanfar na gearáin sin a mheas ach an oiread.
Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana
Má tá amhras nach beag ort i leith ábhar trialach (triail scríofa nó ceisteanna ilrogha réimse-shonracha), déan teagmháil linn tríd an bhfoirm theagmhála i do chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí laistigh de 3 lá féilire i ndiaidh dháta na trialach.
Ba cheart duit cur síos soiléir a dhéanamh ar an gceist nó ar an gcuid den triail lena mbaineann agus ar chineál na hearráide a bhfuiltear ag maíomh go raibh siad ann, agus d’uimhir iarrthóra a chur san áireamh (féach an Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an bhfógra comórtais).
Más amhlaidh nach gcomhlíonann an t-ábhar trialach a aithníodh critéir cháilíochta EPSO, féadfar bearta ceartaitheacha i bhfeidhm. Gheobhaidh tú freagra ar do ghearán go gairid sula bhfoilseofar do thorthaí trialacha i do chuntas iarrthóra.