Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Iarrataí ar athbhreithniú: cén fáth a mbíonn an oiread sin ama i gceist?

Question categories:

Nuair a fhoilsítear painéal, faigheann EPSO líon mór iarrataí ar athbhreithniú ag an am céanna.
I gcomórtais a reáchtáladh le déanaí tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-iarrataí ar athbhreithniú – beagnach a dheich n-oiread i gcásanna áirithe – de réir mar a bhaineann níos mó iarrthóirí na céimeanna deiridh den phróiseas roghnúcháin amach agus de réir mar a fhaigheann siad torthaí mionsonraithe ag an am céanna.
Ní mór gach iarraidh a scrúdú go cúramach. Déanann EPSO réamhanailís ar na hiarrataí ar athbhreithniú chun a sheiceáil an ann d’earráidí ábhartha iontu agus chun na comhaid a ullmhú sula gcuirtear faoi bhráid an bhoird roghnúcháin iad.

Déanann an bord roghnúcháin measúnú ar gach iarraidh ansin. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt mhaith ama i gceist leis an gcéim sin mar gheall ar an líon ard cásanna agus mar gheall ar chineál mionsonraithe an phróisis athbhreithnithe. 
Ní féidir freagraí a fhoilsiú go dtí go mbeidh bailchríoch curtha ag an mbord roghnúcháin ar a chuid oibre ar gach iarratas.

Níl aon sprioc-am ann atá sainithe de réir dlí le hiarrataí ar athbhreithniú a láimhseáil. Bunaithe ar an taithí le déanaí ó bhí 2024 ann, is iondúil go bhfoilsítear freagraí laistigh de 2-6 mhí tar éis an sprioc-ama le hiarrataí a chur isteach.