Skip to main content

FAQs

Ní féidir liom m’iarrata(i)s a aimsiú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

I bhformhór na gcásanna, is é an fáth nach bhféadfaidh iarrthóirí a n-iarratas a rochtain ná gur chruthaigh siad níos mó ná cuntas amháin ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, iad nasctha le cuntais éagsúla EU Login, agus go bhfuil siad ag iarraidh a n-iarratas a rochtain tríd an gcuntas contráilte ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. 

Lean na céimeanna thíos chun an cuntas ceart a shainaithint agus chun rochtain a fháil ar d’iarratas arís.

Céim 1: Sainaithin gach cuntas EU Login atá nasctha le do sheoladh/seoltaí ríomhphoist

  • Aimsigh an ríomhphost uathoibríoch ó sheirbhís fíordheimhniúcháin EU Login a gineadh tar éis do chuntas EU Login a chruthú. Tá d’aitheantas úsáideora sa ríomhphost sin, rud a thosaíonn le ‘n00’ de ghnáth.

Mura bhfuil tú in ann teacht ar an ríomhphost sin:

  • Téigh go: https://webgate.ec.europa.eu/cas
  • Cuir isteach gach ceann de do sheoltaí ríomhphoist agus cliceáil ar ‘Ar aghaidh’ chun a sheiceáil an ann do chuntas EU Login le haghaidh an tseolta sin.
  • Mura cuimhin leat do phasfhocal, cliceáil ‘An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’
  • Má tá níos mó ná seoladh ríomhphoist amháin agat, déan gach ceann acu a sheiceáil

Céim 2: Nuair a bheidh d’aitheantais úsáideora EU Login ar fad sainaitheanta agat:

Cuimhnigh go bhfuil a phasfhocal féin agus modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir féin ag gach aitheantas úsáideora EU Login. Dá bhrí sin, caithfidh tú úsáid a bhaint as an bpasfhocal agus as an modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir a bhaineann leis an aitheantas úsáideora atá tú a úsáid chun logáil isteach.

Céim 3:

Mura féidir leat d’iarrata(i)s a aimsiú fós, agus má tá rochtain agat fós ar chuntas amháin ar a laghad ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, déan teagmháil le EPSO agus luaigh an méid seo a leanas: 

  • gach ceann de na haitheantais úsáideora EU Login atá agat agus gach seoladh ríomhphoist atá agat.

Mura féidir leat rochtain a fháil ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, bain úsáid as an bhfoirm theagmhála ar ár suíomh gréasáin.

Tábhachtach 

  • Ná cruthaigh cuntas nua EU Login mura féidir leat d’iarratas a aimsiú.
  • Ná húsáid eID, Google ná Facebook chun logáil isteach
  • Ná scrios aon chuntas EU Login. Caillfear cuntais scriosta go buan.
  • Chun fadhbanna a bhaineann le EU Login a réiteach, déan teagmháil le Deasc Chabhrach EU Login ag An bhfuil cuidiú de dhíth ort fós? – an tAontas Eorpach

 

Tá sé iontach tábhachtach nóta a choinneáil den aitheantas úsáideora, den mhodh fíordheimhniúcháin dara fachtóir agus den seoladh ríomhphoist a úsáideann tú le do chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.

 

Féach freisin: Deimhnigh go bhfuil do chuntas socraithe i gceart.