FAQs
Conas is féidir liom a sheiceáil an bhfuil mo chuntas EU Login socraithe i gceart?
Question categories:
Chun a sheiceáil an bhfuil do chuntas EU Login cumraithe i gceart, téigh chuig socruithe do chuntais agus lean ar aghaidh mar seo a leanas:
- Logáil isteach i do chuntas
- Cliceáil ar ‘socruithe’ (deilbhín an rotha fhiaclaigh) sa chúinne ar dheis ar bharr in aice le d’ainm.

- Roghnaigh ‘Mo chuntas’. Ansin is féidir leat teacht ar eolas ginearálta faoi do chuntas EU Login, d’aitheantóir uathúil agus an seoladh ríomhphoist a bhaineann leis san áireamh.
- Más aitheantóir uathúil dar tús "v00" atá agat, ciallaíonn sé gur cruthaíodh do chuntas trí rogha logáil isteach tríú páirtí, amhail sainaithint leictreonach (ardáin eID ar nós: itsme, SPID, ROeID, DigiD, MitID, etc.), Facebook nó Google. Ní féidir na cuntais sin a úsáid le haghaidh Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
- Má tá tú ag obair d’institiúid nó do chomhlacht de chuid an Aontais faoi láthair, féach Treoracha EU Login d’fhoireann inmheánach an Aontais.
- Má d’oibrigh tú d’institiúid de chuid an Aontais roimhe seo, is dócha go bhfuil do chuntas EU Login nasctha le haitheantóir uathúil atá ann cheana féin.
Sa chás sin, má bhíonn fadhbanna agat agus tú ag cruthú do chuntais ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, cruthaigh cuntas nua EU Login trí sheoladh ríomhphoist difriúil a úsáid. Is féidir leat an cineál EU Login a fhíorú sa rannán ‘Mo chuntas’ de do chuntas EU Login.
- Mura bhfuil modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir socraithe agat go fóill (gléas móibíleach nó ardán iontaofa), níl do chuntas réidh le rochtain a fháil ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. Cuir isteach modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir i do phróifíl EU Login. Léigh freisin na treoracha maidir le conas ardán iontaofa a chur leis.
Cinntigh gur seoladh ríomhphoist príobháideach é an seoladh ríomhphoist a úsáideadh chun do chuntas EU Login a chruthú. Má úsáideann tú ríomhphost corparáideach, d’fhéadfadh sé go gcaillfeá rochtain ar do chuntas EU Login agus, dá bharr sin, ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.