Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas cumarsáid a dhéanamh ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí

telephone with notification

Má bhíonn gearáinceisteanna agat maidir le comórtais a bhainistítear trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí, ní mór iad a chur isteach trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí agus tríthi sin amháin.  
Ní chuirfear san áireamh ceisteanna ná gearáin a chuirtear isteach trí na foirmeacha teagmhála ar shuíomh gréasáin EPSO.
Mura bhfuil teacht agat ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí mar gheall ar fhadhbanna le EU Login, sa chás sin is féidir leat do cheist a chur isteach tríd an bhfoirm theagmhála ar an suíomh gréasáin.

I gcás gach cineáil eile cumarsáide, roghnaigh ‘Mo chuid fógraí’ sa chúinne ar dheis ag barr leathanach baile Thairseach Aonair na nIarrthóirí.  

Fíor 1.

roghchlár ‘mo chuid fógraí’

Feicfidh tú na comhfhreagrais go léir a bhaineann le d’iarratais nuair a chliceálann tú air:  

  • Litreacha arna bhfoilsiú ag EPSO  

  • Do chuid ceisteanna agus gearán  

  • Freagraí ó EPSO ar do chuid ceisteanna agus gearán   

  • Fógraí, ina measc sin admhálacha uathoibríocha go bhfuarthas an t-iarratas  
 

Is féidir leat na comhfhreagrais a scagadh de réir comórtais agus cuardach a dhéanamh le heochairfhocail

Teagmháil a dhéanamh linn

Is féidir teacht ar na foirmeacha teagmhála seo a leanas ach cliceáil ar “Déan teagmháil linn” ar an roghchlár:

  • Ceist a chur
    Is féidir an rogha seo a úsáid i gcás ceisteanna ginearálta a bhaineann le comórtas ar leith nó le próiseas roghnúcháin ar leith.
  • Gearán a dhéanamh/iarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh
    Is féidir an rogha seo a úsáid chun gearán a dhéanamh nó chun athbhreithniú ar chinneadh a iarraidh. Déan a chinntiú go roghnaíonn tú an cineál gearáin cuí
  • Athrú ar do shonraí pearsanta a iarraidh
    Is féidir an rogha seo a úsáid chun do shonraí pearsanta a thabhairt cothrom le dáta, cuir i gcás do chéadainm, do shloinne, nó do dháta breithe.
  • Scriosadh nó aistarraingt a iarraidh 
    Is féidir an fhoirm seo a úsáid más mian leat do chuntas a scriosadh ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí nó más mian leat d’iarratas a aistarraingt ó phróiseas roghnúcháin.
  • Doiciméad tacaíochta a uaslódáil 
    Ná húsáid an rogha seo ach amháin má tá EPSO tar éis doiciméid tacaíochta bhreise a iarraidh ort go follasach.
    Mar shampla, le linn chéim na seiceála incháilitheachta (féach an fógra comórtais chun na sonraí iomlána a fháil), d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar iarrthóirí doiciméid tacaíochta bhreise a chur ar fáil. I gcásanna den sórt sin, ní mór na doiciméid a iarradh a uaslódáil trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Doiciméad tacaíochta a uaslódáil’.
     

Cosaint sonraí

Pléifear le gach iarratas i gcomhréir leis na ráitis phríobháideachais ábhartha atá le fáil sna foirmeacha teagmhála éagsúla.