Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conarthaí EPSO

Glaonna ar thairiscintí atá dúnta

Fógra maidir le soláthraí nua trialacha EPSO

Dé hAoine, an 20 Meitheamh 2025, shínigh Olivier Salles, Stiúrthóir EPSO, creatchonradh le Open Assessment Technologies, cuideachta atá lonnaithe san Aontas, arb í an soláthraí nua trialacha ar líne le haghaidh chomórtais oscailte EPSO, tar éis an nós imeachta tairisceana EPSO/OP/2024-0016 LOT 1 a chur i gcrích go rathúil.

An chuideachta a chomhtháthú le próisis agus uirlisí TF de chuid EPSO, sin é an chéad phríomhthosaíocht eile chun próisis roghnúcháin chobhsaí iontaofa a chinntiú as seo amach. Díreofar sna hiarrachtaí comhpháirteacha ar eispéireas tástála a chur ar fáil ina bhfuil na hiarrthóirí ina chroílár, agus iad a fheabhsú le comhéadain sholáimhsithe. Mar chuid de sin, tabharfar aghaidh ar riachtanais na n-iarrthóirí a bhfuil socruithe speisialta de dhíth orthu. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil tar éis an tsamhraidh faoin amlíne ó thaobh comórtais a reáchtáil leis an soláthraí nua de.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Gilles Guillard, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta EPSO: ‘Tá EPSO ag tnúth go mór le comhar tairbheach le Open Assessment Technologies. Cloch mhíle ríthábhachtach sa chomhar sin a bheidh in ionduchtú rathúil an tsoláthraí nua. Táimid ag súil go gcuirfidh an conraitheoir nua ardán tástála slán láidir solúbtha ar fáil a chomhlíonfaidh na ceanglais go hiomlán chun tacú go héifeachtúil le próisis roghnúcháin an Aontais, rud a rachaidh chun tairbhe do na hiarrthóirí agus do na hinstitiúidí araon’.