Bhain fadhb le ceann de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire i dtriail le haghaidh CAST Buan, cad is féidir liom a dhéanamh?
Má tá amhras nach beag ort i leith an ábhair i gceann de na ceisteanna trialach, déan teagmháil linn laistigh d’aon (1) lá féilire (i.e. faoi dheireadh an lae i ndiaidh na dtrialacha). Tabhair ráiteas soiléir ar na cúinsí, agus d’uimhir iarrthóra leis, mar atá leagtha amach i nós imeachta an ghlao ar léiriú spéise.
Má fhaightear amach nach bhfuil mír áirithe ag cloí le critéir cháilíochta EPSO, cuirfear na bearta ceartaitheacha seo a leanas i bhfeidhm:
- Déanfar an mhír a cheartú nó a bhaint den bhunachar sonraí;
- Féadfar bearta ceartaitheacha a dhéanamh má fhaigheann EPSO amach gur imríodh tionchar diúltach ar an iarrthóir. Sna cásanna sin, tabharfaidh EPSO pointe breise don iarrthóir sin le haghaidh gach ceiste a chuirtear ar neamhní, suas le pointe amháin ar a mhéad in aghaidh na ceiste san iomlán.
Iarrthóirí nach féidir tionchar a bheith ag toradh a ngearáin ar thorthaí a dtrialacha – toisc gur bhain siad amach na pasmharcanna nó toisc nach mbainfidís amach an pasmharc/na pasmharcanna fiú dá seasfaí lena ngearán – ní chuirfear bearta ceartaitheacha i bhfeidhm ina leith.
Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama agus gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann, ní dhéanfar na gearáin sin a mheas. Gearáin nach luafar iontu ach saincheisteanna aistriúcháin a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad ann, gan an fhadhb a shonrú, ní dhéanfar na gearáin sin a mheas.