I gcás comórtais ina n-úsáidtear Tairseach Aonair na nIarrthóirí:
Is féidir leat an fhoirm iarratais a athrú tar éis duit í a chur isteach, ar choinníoll nach bhfuil an sprioc-am iarratais istigh. Nuair a bheidh an sprioc-am istigh, ní féidir an fhoirm iarratais a leasú a thuilleadh.
Má chuireann tú d’iarratas in eagar tar éis duit é a chur isteach, ná déan dearmad ‘Cuir isteach’ a chliceáil arís. Mura ndéanfaidh tú sin, beidh stádas ‘dréacht’ ag d’iarratas i gcónaí agus ní chuirfear san áireamh é.
Tabhair faoi deara: Is féidir leat do CV a nuashonrú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí tráth ar bith. Mar sin féin, ní chuirfear san áireamh ach an leagan a cuireadh isteach le d’iarratas agus d’incháilitheacht á fíorú don chomórtas sonrach a ndearna tú iarratas ina leith. Aon nuashonrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin, ní dhéanfaidh sé difear don iarratas a chuir tú isteach.
I gcás próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST Buan):
Is féidir leat d’iarrata(i)s a athrú agus do CV a uaslódáil chuig do chuntas EPSO, nó é a thabhairt cothrom le dáta, tráth ar bith.
Ná déan dearmad d’iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat a bheith infheicthe i gcónaí ag na seirbhísí earcaíochta. Beidh feidhm aige sin cibé acu atá pas faighte agat sna trialacha nó nach bhfuil.