Beidh an sprioc-am luaite go soiléir ar gach fógra nó glao agus ar shuíomh gréasáin EPSO.
An féidir liom cur isteach ar níos mó ná ceann amháin de na próisis roghnúcháin, próifílí nó grúpaí feidhme iomadúla?
Is féidir. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar aon phróisis roghnúcháin a bhfuil tú incháilithe ina leith mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra nó sa ghlao. Tabhair do d'aire gur féidir go mbeidh ort iarratas ar leith a chur isteach do gach próifíl nó gach grúpa feidhme freisin.
An féidir liom iarratas ó mo chuid iarratas EPSO roimhe seo a úsáid?
I gcás gach comórtais oscailte a fhoilsítear tar éis an 1 Eanáir 2025:
Ní gá duit do shonraí CV a líonadh isteach ach aon uair amháin (faoi ‘Mo chuntas’ → ‘Mo CV’ ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí).
Úsáidfear an t-eolas atá sábháilte i do CV le haghaidh gach iarratais amach anseo, mar sin déan cinnte de go gcoinneoidh tú cothrom le dáta é.
I gcás na bpróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh:
Ní féidir. Ní mór duit foirm iarratais nua a líonadh isteach i do chuntas EPSO le haghaidh gach próisis roghnúcháin ar mian leat iarratas a dhéanamh air.
Tá deacrachtaí agam leis an bhfoirm iarratais. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Tá na córais a úsáideann EPSO in oiriúint do na brabhsálaithe gréasáin is mó a úsáidtear. Má bhíonn deacracht agat, moltar duit triail a bhaint as brabhsálaí eile sula ndéana tú teagmháil linn.
Ní mholtar gléasanna móibíleacha a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
I gcás Thairseach Aonair na nIarrthóirí:
Má fhaigheann tú teachtaireacht earráide a chuireann in iúl nach bhfuil cead agat iarratas a dhéanamh ar an bpróiseas roghnúcháin seo, is é is dóichí go bhfuil dréacht-iarratas agat cheana féin. Ní mór duit scrollú síos ar an leathanach iarratais agus feicfidh tú an dréacht-iarratas. Críochnaigh an dréacht-iarratas agus cuir isteach é roimh an sprioc-am.
I gcás chuntas EPSO:
Moltar duit gan na cnaipí ‘Siar’ agus ‘Ar aghaidh’ sa bhrabhsálaí a úsáid agus tú ag dul ó chuid go cuid den fhoirm iarratais i do chuntas EPSO (mar shampla, chun teacht ar shonraí a thug tú in iarratas eile). Moltar na cnaipí ar an leathanach gréasáin féin a úsáid (e.g. ‘Siar go dtí mo chuntas’).
Moltar gan ach íontéacs (i.e. comhad dar críoch .txt) a ullmhaíodh le gnáthphróiseálaí focal (e.g. NotePad i gcás Windows, TextEdit i gcás Mac OS X) a ghreamú san fhoirm iarratais, chun spásanna nach bhfuil gá leo agus carachtair neamh-chomhoiriúnacha a sheachaint.
Mura féidir leat d’iarratas a bhailíochtú, ba cheart duit an táb ‘Forléargas’ ar d’iarratas a sheiceáil. An t-eolas atá faoi chló dearg, tá sé ar iarraidh nó earráideach.
Má bhíonn fadhbanna leanúnacha agat, ba cheart duit dul i dteagmháil le Seirbhís Teagmhála EPSO d’Iarrthóirí láithreach agus, ar a laghad, i bhfad roimh an sprioc-am ó tharla nach féidir linn gealltanas a thabhairt go bhfaighidh tú freagra ar do cheist má sheoltar í níos lú ná 5 lá roimh an sprioc-am. Tabhair do d’aire nach gcuirfear san áireamh aon iarratas nár cuireadh isteach faoin sprioc-am.
Cén chaoi ar féidir liom cead a thabhairt d’údaráis mo Bhallstáit cúnamh a thairiscint dom le hullmhú don phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta?
Na hiarrthóirí i gcomórtais EPSO, is féidir leo a roghnú a gcuid sonraí teagmhála a nochtadh d’údaráis náisiúnta a mBallstáit, le go mbeidh na húdaráis sin in ann dul i dteagmháil leo chun tacaíocht agus cabhair a thairiscint dóibh le haghaidh an phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (amhail oiliúint, seisiúin eolais, foilseacháin, etc.).
Déanann na hiarrthóirí an rogha sin nuair a chuireann siad isteach ar chomórtas, trína n-aontú nó a n-easaontú a chur in iúl, sa rannán ábhartha den fhoirm iarratais leictreonach. Níl an t-aontú ná an t-easaontú sin bailí ach i dtaca leis an gcomórtas ar tugadh ina leith é agus, dá bhrí sin, ní mór é a chur in iúl gach uair a chuirtear iarratas nua isteach.
Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta do EPSO do chéadainm agus do shloinne, do sheoladh ríomhphoist agus an tagairt don chomórtas a bhfuil tú ag cur isteach air a aistriú go húdaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú. Is é cuspóir an aistrithe sonraí sin go mbeidh na húdaráis náisiúnta sin in ann dul i dteagmháil leat d’fhonn cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air.
Is le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 9 de, a rialaítear aistriú do chuid sonraí pearsanta chuig údaráis náisiúnta do Bhallstá(i)t.
Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta freisin d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú do chuid sonraí pearsanta thuasluaite a phróiseáil, d’fhonn cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air. Tá an t-údarú ag d’údaráis náisiúnta do chuid sonraí a phróiseáil fad agus a bheidh tú páirteach sa chomórtas atá i gceist, sin nó go dtí go ndúnfar painéal an chomórtais má tá d’ainm féin luaite air, sin nó go dtí go dtarraingeoidh tú siar do thoiliú do shonraí a phróiseáil.
Is le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a rialaítear údaráis náisiúnta do Bhallstá(i)t do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil.
Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí iarratas i scríbhinn chuige sin a chur chuig do Bhallstát. Mar sin féin, tabhair an méid seo a leanas do d’aire: má chinneann tú do thoiliú a tharraingt siar tar éis do EPSO do chuid sonraí a aistriú chuig do Bhallstát, ní dhéanfaidh sin ach cosc a chur ar d’údaráis náisiúnta tuilleadh próiseála a dhéanamh ar do chuid sonraí, ach ní dhéanfaidh sé difear do dhlíthiúlacht próiseála sonraí a rinneadh roimhe sin bunaithe ar do thoiliú a fháil sular tarraingíodh siar é.
Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ort glacadh le haon tairiscint chúnta a d’fhéadfadh na húdaráis sin a chur faoi do bhráid.
Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ar na húdaráis sin dul i dteagmháil leat, ná cúnamh a thairiscint duit; is faoin mBallstát ar saoránach de thú, agus faoisean amháin, atá sé an méid sin a dhéanamh.
Ar cheart dom na cáilíochtaí/dioplómaí uile atá agam a lua san fhoirm iarratais?
Yes, it is mandatory to mention all diplomas/qualifications required in order to apply for a selection procedure.
The minimum requirements are listed in the Notice of Competition (available on the competition page).
Please indicate only diplomas/qualifications that have been awarded by the application deadline.
For the Graduates administrators (AD5) competition, the minimum requirements (only Bachelor) must be awarded by 30/09/2026.
The order is not important, the Selection Board will be able to sort the declared entries chronologically.
Providing incomplete or false information may lead to exclusion from the selection procedure.
Cén teanga ar cheart dom a úsáid chun m’iarratas a líonadh isteach?
Is féidir le hiarrthóirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.