Tá deacrachtaí agam leis an bhfoirm iarratais. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Tá na córais a úsáideann EPSO in oiriúint do na brabhsálaithe gréasáin is mó a úsáidtear. Má bhíonn deacracht agat, moltar duit triail a bhaint as brabhsálaí eile sula ndéana tú teagmháil linn.
Ní mholtar gléasanna móibíleacha a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
I gcás Thairseach Aonair na nIarrthóirí:
Má fhaigheann tú teachtaireacht earráide a chuireann in iúl nach bhfuil cead agat iarratas a dhéanamh ar an bpróiseas roghnúcháin seo, is é is dóichí go bhfuil dréacht-iarratas agat cheana féin. Ní mór duit scrollú síos ar an leathanach iarratais agus feicfidh tú an dréacht-iarratas. Críochnaigh an dréacht-iarratas agus cuir isteach é roimh an sprioc-am.
I gcás chuntas EPSO:
Moltar duit gan na cnaipí ‘Siar’ agus ‘Ar aghaidh’ sa bhrabhsálaí a úsáid agus tú ag dul ó chuid go cuid den fhoirm iarratais i do chuntas EPSO (mar shampla, chun teacht ar shonraí a thug tú in iarratas eile). Moltar na cnaipí ar an leathanach gréasáin féin a úsáid (e.g. ‘Siar go dtí mo chuntas’).
Moltar gan ach íontéacs (i.e. comhad dar críoch .txt) a ullmhaíodh le gnáthphróiseálaí focal (e.g. NotePad i gcás Windows, TextEdit i gcás Mac OS X) a ghreamú san fhoirm iarratais, chun spásanna nach bhfuil gá leo agus carachtair neamh-chomhoiriúnacha a sheachaint.
Mura féidir leat d’iarratas a bhailíochtú, ba cheart duit an táb ‘Forléargas’ ar d’iarratas a sheiceáil. An t-eolas atá faoi chló dearg, tá sé ar iarraidh nó earráideach.
Má bhíonn fadhbanna leanúnacha agat, ba cheart duit dul i dteagmháil le Seirbhís Teagmhála EPSO d’Iarrthóirí láithreach agus, ar a laghad, i bhfad roimh an sprioc-am ó tharla nach féidir linn gealltanas a thabhairt go bhfaighidh tú freagra ar do cheist má sheoltar í níos lú ná 5 lá roimh an sprioc-am. Tabhair do d’aire nach gcuirfear san áireamh aon iarratas nár cuireadh isteach faoin sprioc-am.