Ní chaithfidh. Tá sé saor in aisce iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin EPSO agus páirt a ghlacadh iontu.
Ní ghearrann EPSO aon táillí clárúcháin ná rannpháirtíochta ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin.
D’fhéadfadh sé go dtiocfá ar chuideachtaí príobháideacha a chuireann cúrsaí ullmhúcháin, ábhair oiliúna nó cóitseáil ar íocaíocht ar fáil le haghaidh chomórtais EPSO. Is go neamhspleách a chuireann na cuideachtaí sin a leithéid ar fáil agus níl baint acu le EPSO ná le hinstitiúidí an Aontais, ná ní fhormhuiníonn EPSO ná institiúidí an Aontais iad.
Má fheiceann tú teachtaireachtaí, suíomhanna gréasáin nó postálacha ar na meáin shóisialta a thugann le fios nach mór duit táille a íoc chun cur isteach ar chomórtas EPSO, bí san airdeall ar an méid sin má phléann tú leo.