Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Ní féidir liom logáil isteach i mo chuntas EPSO ná féachaint air, cad is ceart dom a dhéanamh?

Deimhnigh go bhfuil an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal atá tú a úsáid ceart (féach "Forgot your username/login?  Forgot your password?').

Meabhrúchán: níl cead agat níos mó ná aon chuntas EPSO amháin a chruthú; i gcás inar scriosadh do chuntas EPSO, is féidir leat ceann nua a chruthú chun iarratais a dhéanamh amach seo. B'fhéidir gur scriosadh do chuntas EPSO i gcomhréir leis an ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is é sin le rá, is minic a scriosaimid na cineálacha seo cuntas:

  • Cuntais EPSO a cruthaíodh níos mó ná bliain amháin ó shin ach nach ndearnadh aon iarratas iontu
  • Cuntais EPSO a ndearnadh iarratas amháin ar a laghad iontu, agus ar fíor ceann acu seo a leanas i leith na n-iarratas a rinneadh:
    • Cuireadh ar phainéal thú agus earcaíodh níos mó ná bliain amháin ó shin thú;
    • Cuireadh ar phainéal thú agus níor earcaíodh thú, ach tá deireadh leis an bpainéal sin anois;
    • Níor cuireadh ar phainéal thú agus tháinig deireadh leis an bpróiseas roghnúcháin níos mó ná bliain ó shin.

Ní ceadmhach níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Déan teagmháil linn má tá amhras ort faoin gceist seo.

Más rud é nach bhfuil ag éirí leat logáil isteach go fóill, mura gcuimhníonn tú ar an seoladh ríomhphoist atá i do chuntas EPSO nó mura bhfuil rochtain agat ar an gcuntas sin a thuilleadh, déan teagmháil linn láithreach. Má sheolann tú cóip de do chárta aitheantais nó de do phas chugainn, agus má thugann tú do sheoladh ríomhphoist nua dúinn, is féidir linn sonraí an ríomhphoist a athrú i do chuntas EPSO.