CAST Permanent selection procedure attracts a high number of applications. However, the recruiting services only pre-select and shortlist a certain number of candidates whose profiles fit their needs.
FAQs
Cén fáth nár réamhroghnaíodh mé (i.e. cén fáth nár cuireadh ar ghearrliosta mé) chun na trialacha roghnúcháin a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO?
When will I get the results of my tests for the contract staff selection procedure(CAST)?
You will receive your selection tests results for the contract staff selection procedure(CAST) via your Candidate account approximately 2-3 weeks after the tests.
Before publication, the results have been previously verified, approved and validated. Once the results communicated, the accuracy of the questions can no longer be challenged.
Cé na cineálacha trialacha a chaithfidh mé a dhéanamh má réamhroghnaítear mé (i.e. má chuirtear ar ghearrliosta mé)?
Candidates shortlisted by the recruiting services will be invited to sit a series of reasoning tests in a multiple-choice question format. Candidates will take these tests in their language 1. See more information on the IT and technical requirements for online testing.
Should you be successful in the tests organised by EPSO, the recruiting service may ask you to sit further tests that it considers relevant for the job, such as a drafting test, a driving test, a language test, etc. All the information about these tests will be provided by the recruiting services.
Please check our sample tests (‘Contract Agents’) for further information.
Cad a tharlóidh i ndiaidh dom iarratas a dhéanamh?
Cuardóidh na seirbhísí earcaíochta bunachar sonraí na n-iarrthóirí cláraithe uile agus cuirfidh siad ar ghearrliosta líon áirithe de na hiarrthóirí a oireann do riachtanais shonracha a bhfolúntais. Déan deimhin de go dtabharfaidh tú d’iarratas cothrom le dáta gach 6 mhí ionas go bhfeicfear sa bhunachar thú agus go bhféadfar teacht ort ann.
Is do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh trína gcuntas EPSO triail roghnúcháin a dhéanamh arna heagrú ag EPSO.
Déan seiceáil ar do chuntas EPSO gach trí lá féilire ar a laghad chuige sin. Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, gheobhaidh tú cuireadh ina gcuirfear dáta do thrialach in iúl duit.
Foilseofar dátaí táscacha thréimhsí na dtrialacha ar leathanaigh na bpróifílí ar ár suíomh gréasáin.
Tabhair do d’aire nach féidir dáta ná am na dtrialacha a athrú. Déanfaidh na hiarrthóirí go léir na trialacha ag an am céanna.
Conas a roghnófar iarrthóirí sa phróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh?
Ní hionann iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh agus é a bheith ina scéal cinnte go dtabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh. Is do na hiarrthóirí sin a gcuirfidh na seirbhísí earcaíochta ar ghearrliosta iad, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh na trialacha roghnúcháin a dhéanamh, de réir mar a bhíonn gá le fostaithe nua.
Seo a leanas céimeanna an phróisis roghnúcháin:
- Líonann na hiarrthóirí isteach a n-iarratas agus bailíochtaíonn siad iad, agus déanann siad iad a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad chun a léiriú gur mian leo i gcónaí a bheith san áireamh agus chun go leanfaidh a n-iarratas de bheith infheicthe sa bhunachar.
- Nuair a thagann folúntas chun cinn, déanann na seirbhísí earcaíochta líon áirithe iarrthóirí sa bhunachar iarrthóirí a réamhroghnú a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe agus infheicthe agus cuireann siad ar ghearrliosta iad. Is iad na hiarrthóirí a oireann do riachtanais na seirbhísí a roghnaítear.
- Tugtar cuireadh do na hiarrthóirí réamhroghnaithe (i.e. na hiarrthóirí a cuireadh ar ghearrliosta) trialacha roghnúcháin a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO, tuairim is 10 lá roimh na trialacha. Is ceistneoirí ilrogha iad sin. Féach leat tuilleadh eolais faoi na riachtanais TF agus theicniúla le haghaidh trialacha ar líne.
- Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha roghnúcháin, tabharfar cuireadh dóibh trialacha earcaíochta a dhéanamh arna n-eagrú ag na seirbhísí earcaíochta. D’fhéadfadh agallamh agus cineálacha eile meastóireachta a bheith i gceist leis na trialacha sin.
- Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha earcaíochta, is féidir go bhfaighidh siad tairiscint ar phost.
An féidir liom na sonraí a thug mé i m’iarratas a athrú i ndiaidh dom é a chur isteach?
I gcás comórtais ina n-úsáidtear Tairseach Aonair na nIarrthóirí:
Is féidir leat an fhoirm iarratais a athrú tar éis duit í a chur isteach, ar choinníoll nach bhfuil an sprioc-am iarratais istigh. Nuair a bheidh an sprioc-am istigh, ní féidir an fhoirm iarratais a leasú a thuilleadh.
Má chuireann tú d’iarratas in eagar tar éis duit é a chur isteach, ná déan dearmad ‘Cuir isteach’ a chliceáil arís. Mura ndéanfaidh tú sin, beidh stádas ‘dréacht’ ag d’iarratas i gcónaí agus ní chuirfear san áireamh é.
Tabhair faoi deara: Is féidir leat do CV a nuashonrú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí tráth ar bith. Mar sin féin, ní chuirfear san áireamh ach an leagan a cuireadh isteach le d’iarratas agus d’incháilitheacht á fíorú don chomórtas sonrach a ndearna tú iarratas ina leith. Aon nuashonrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin, ní dhéanfaidh sé difear don iarratas a chuir tú isteach.
I gcás próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST Buan):
Is féidir leat d’iarrata(i)s a athrú agus do CV a uaslódáil chuig do chuntas EPSO, nó é a thabhairt cothrom le dáta, tráth ar bith. Ní mór duit d’iarratas nuashonraithe a bhailíochtú arís.
Ná déan dearmad d’iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat a bheith infheicthe i gcónaí ag na seirbhísí earcaíochta. Beidh feidhm aige sin cibé acu atá pas faighte agat sna trialacha nó nach bhfuil.
An bhfuil m’iarratas CAST/P/2015 fós bailí?
Aistríodh gach iarratas ar EPSO/CAST/P/1-4/2015 (CAST le haghaidh Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin) arna bhailíochtú faoin 25.11.2016 (meán lae, am na Bruiséile) go huathoibríoch chuig CAST Buan (EPSO/CAST/P/1-4/2017).
Má d’éirigh leat sna trialacha roghnúcháin a d’eagraigh EPSO le haghaidh EPSO/CAST/P/1-4/2015, tá do chuid torthaí bailí fós.
Cé na dualgais a bhíonn ar bhall foirne ar conradh in institiúidí an Aontais Eorpaigh?
Beidh na dualgais shonracha ag brath ar an bpróifíl is spéis leat. Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nglao ar léiriú spéise le haghaidh samplaí mionsonraithe de na dualgais in aghaidh na próifíle.
Earcaítear baill foirne ar conradh ar feadh tréimhse theoranta, ar chonradh tosaigh 6-12 mhí.
I gcomhlachtaí áirithe de chuid an Aontais, is féidir an conradh a athnuachan go ceann tréimhse éiginnte.
Cad é atá i gceist leis na grúpaí feidhme éagsúla?
Bíonn folúntais ann do bhaill foirne ar conradh i réimse leathan post agus bíonn cáilíochtaí éagsúla de dhíth ina leith. Ceithre ghrúpa feidhme atá ann:
- I. obair láimhe agus tacaíocht riaracháin
- II .tascanna cléiriúla nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus tascanna coibhéiseacha eile
- III. tascanna feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
- IV. tascanna riaracháin, comhairleacha, teanga agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
Cad iad na treoracha chun na trialacha ar ríomhaire a dhéanamh?
Féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise a ghabhann leis an bpróiseas roghnúcháin a bhfuil tú páirteach ann más mian leat an líon ceisteanna, fad ama agus pasmharc na dtrialacha a fháil amach.
Is ar líne a reáchtáiltear gach triail EPSO. Caith súil ar Trialacha ar líne – Eolas riachtanach. Seoltar treoracha mionsonraithe le haghaidh na dtrialacha ar líne in éineacht leis an gcuireadh chun na dtrialacha trí chuntas na n-iarrthóirí.