Cad a tharlóidh i ndiaidh dom iarratas a dhéanamh?
Cuardóidh na seirbhísí earcaíochta bunachar sonraí na n-iarrthóirí cláraithe uile agus cuirfidh siad ar ghearrliosta líon áirithe de na hiarrthóirí a oireann do riachtanais shonracha a bhfolúntais. Déan deimhin de go dtabharfaidh tú d’iarratas cothrom le dáta gach 6 mhí ionas go bhfeicfear sa bhunachar thú agus go bhféadfar teacht ort ann.
Is do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh trína gcuntas EPSO triail roghnúcháin a dhéanamh arna heagrú ag EPSO.
Déan seiceáil ar do chuntas EPSO gach trí lá féilire ar a laghad chuige sin. Má chuirtear ar an ngearrliosta thú, gheobhaidh tú cuireadh ina gcuirfear dáta do thrialach in iúl duit.
Foilseofar dátaí táscacha thréimhsí na dtrialacha ar leathanaigh na bpróifílí ar ár suíomh gréasáin.
Tabhair do d’aire nach féidir dáta ná am na dtrialacha a athrú. Déanfaidh na hiarrthóirí go léir na trialacha ag an am céanna.