Conas a roghnófar iarrthóirí sa phróiseas roghnúcháin CAST Buan?
Question categories:
Ní hionann iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin CAST Buan agus é a bheith ina scéal cinnte go dtabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh. Is do na hiarrthóirí sin a gcuirfidh na seirbhísí earcaíochta ar ghearrliosta iad, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh na trialacha roghnúcháin a dhéanamh, de réir mar a bhíonn gá le fostaithe nua.
Seo a leanas céimeanna an phróisis roghnúcháin:
- Líonann na hiarrthóirí isteach a n-iarratas agus bailíochtaíonn siad iad, agus déanann siad iad a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad chun a léiriú gur mian leo i gcónaí a bheith san áireamh agus chun go leanfaidh a n-iarratas de bheith infheicthe sa bhunachar.
- Nuair a thagann folúntas chun cinn, déanann na seirbhísí earcaíochta líon áirithe iarrthóirí sa bhunachar iarrthóirí a réamhroghnú a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe agus infheicthe agus cuireann siad ar ghearrliosta iad. Is iad na hiarrthóirí a oireann do riachtanais na seirbhísí a roghnaítear.
- Tugtar cuireadh do na hiarrthóirí réamhroghnaithe (i.e. na hiarrthóirí a cuireadh ar ghearrliosta) trialacha roghnúcháin a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO, tuairim is 10 lá roimh na trialacha. Is ceistneoirí ilrogha iad sin. Féach leat tuilleadh eolais faoi na riachtanais TF agus theicniúla le haghaidh trialacha ar líne.
- Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha roghnúcháin, tabharfar cuireadh dóibh trialacha earcaíochta a dhéanamh arna n-eagrú ag na seirbhísí earcaíochta. D’fhéadfadh agallamh agus cineálacha eile meastóireachta a bheith i gceist leis na trialacha sin.
- Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha earcaíochta, is féidir go bhfaighidh siad tairiscint ar phost.