Cathain a gheobhaidh mé torthaí thrialacha roghnúcháin CAST-P EPSO?
Question categories:
Gheobhaidh tú torthaí na dtrialacha roghnúcháin trí do chuntas EPSO tuairim is coicís i ndiaidh dheireadh na tréimhse ina ndearna tú na trialacha.
Sula bhfoilseofar na torthaí déanfar iad a fhíorú, a fhormheas agus a bhailíochtú. A luaithe a chuirfear na torthaí in iúl duit, ní fhéadfar cruinneas na gceisteanna a cheistiú a thuilleadh.
Eagraítear tréimhsí trialacha go rialta i rith na bliana. Féach an amlíne atá ar fáil ar gach leathanach tiomnaithe den phróifíl.