Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Aistritheoirí (AD)

Beidh ar na hiarrthóirí a ghlacfaidh páirt sa chomórtas le haghaidh Aistritheoirí (AD) pas a fháil sna trialacha seo a leanas:

  • Trialacha scileanna réasúnaíochta

Chun meastóireacht a dhéanamh ar a scileanna teanga, is féidir go mbeidh orthu pas a fháil i gceann amháin nó níos mó de na trialacha eolais teanga seo a leanas:

  • Trialacha tuisceana teanga 

         agus/nó

  • Trialacha aistriúcháin

         agus/nó

  • Triail athbhreithniúcháin

         agus/nó

  • Cineálacha eile trialacha eolais teanga
     
Trialacha réasúnaíochta

Is éard atá sna trialacha réasúnaíochta ceistneoirí ilrogha atá ceaptha meastóireacht a dhéanamh ar do scileanna smaointeoireachta loighciúla agus ar do chumas eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa teibí nach de chineál teanga, spásúil ná uimhriúil iad.

Bain triail as ár dtrialacha samplacha thíos (Tabhair do d’aire go bhféadfadh na trialacha samplacha níos mó ama a thógáil chun lódáil ná mar is gnách)

Réasúnaíocht bhriathartha – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht uimhriúil – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

Réasúnaíocht theibí – Iad ar fáil sna teangacha seo a leanas: EN

Is féidir leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin a fháil freisin.

Trialacha tuisceana teanga

Is éard atá sa triail tuisceana teanga 12 cheist ilrogha atá ceaptha measúnú a dhéanamh ar do chumais teanga ó thaobh stór focal, gramadaí/comhréire agus stíle de.

I ngach ceist cuirtear cás i láthair agus ceithre fhreagra, nach bhfuil ach ceann amháin acu ceart.

  • Marcáil: Gnóthaítear pointe amháin as gach freagra ceart. Níl aon phionóis i gceist i gcás freagraí míchearta.
  • Uainiú: Beidh 25 nóiméad agat chun an 12 cheist ar fad a líonadh isteach. Cé gur cuid den mheasúnú í an bhainistíocht ama, tá an triail deartha ionas gur féidir gach ceist a fhreagairt go réasúnta laistigh den am atá leagtha amach.
  • An t-eolas atá ag teastáil: Is ar an eolas a chuirtear ar fáil sa téacs atá na ceisteanna bunaithe, agus air sin amháin, agus níl aon eolas roimh ré ag teastáil ina leith.

Trialacha samplacha tuisceana teanga i 24 theanga

Trialacha aistriúcháin
Triail athbhreithniúcháin

Is éard atá le déanamh sa triail athbhreithniúcháin athbhreithniú a dhéanamh ar théacs a aistríodh ó theanga 2 go teanga 1.

Triail athbhreithniúcháin shamplach

Triail eolais teanga

Is éard atá sa triail eolais teanga triail ilrogha ina bhfuil 25 cheist éagsúla.

Tá ceithre fhreagra ar gach ceist (A, B, C, nó D) agus níl ach ceann amháin acu ceart.

Beidh 25 nóiméad ag na hiarrthóirí chun an triail a chríochnú. Is féidir go ndéanfaidh na ceisteanna measúnú ar aon cheann de na hinniúlachtaí seo a leanas: gramadach, stór focal, nathanna cainte, litriú agus poncaíocht.

Tá tástálacha samplacha ar fáil sna teangacha seo a leanas: DA, DE, ES, EL, EN, FR, IT, MT, NL