Tairseach Aonair na nIarrthóirí - Treoracha
Anseo thíos tá eolas tábhachtach maidir le conas Tairseach Aonair na nIarrthóirí a úsáid.
Tá an Tairseach ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, in ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn, ní féidir le EPSO a chur as an áireamh go bhféadfadh sé, i gcásanna áirithe, nach n-aistreofaí rannáin áirithe ina n-iomláine, nó nach aistriúchán an-chruinn a bheadh ann. Sna cásanna sin, is é an Béarla an teanga thagartha i gcónaí.
Má bhíonn aon fhadhb agat agus tú ag iarraidh an Tairseach a úsáid nó agus tú ag comhlánú d’fhoirme iarratais, déan teagmháil linn.