Skip to main content

FAQs

Conas is féidir liom teangacha na dtrialacha a roghnú?

Question categories:

I gcás comórtais atá ar oscailt:

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, ní mór duit na teangacha inar mian leat na trialacha a dhéanamh a roghnú. I gcás fhormhór na gcomórtas, beidh ort dhá theanga éagsúla a roghnú (Teanga 1 agus Teanga 2), i gcomhréir leis an roinn ‘Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo’ den fhógra comórtais.

De ghnáth, is féidir leat aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú, mar sin roghnaigh na teangacha is fearr eolas agat orthu chun na trialacha a dhéanamh. I gcás comórtais do theangeolaithe, d’fhéadfadh riachtanais shonracha teanga a bheith i gceist. Féach i gcónaí an fógra comórtais le haghaidh na rialacha is infheidhme maidir leis an gcomórtas a bhfuil tú ag cur isteach air.

Tabhair do d’aire nach féidir leat do roghanna teanga a athrú i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh.

 

I gcás phróisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, tabhair do d’aire, i gcomhréir leis an nglao ar léiriú spéise, nach mór duit an méid seo a leanas a dhearbhú:

  • Teanga 1: Eolas cuimsitheach (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
  • Teanga 2: Eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis
    An teanga a roghnófar mar Theanga 1, ní féidir í a roghnú mar Theanga 2 freisin. 

Tabhair do d’aire gur i dTeanga 1 a dhéanfaidh tú na trialacha réasúnaíochta, de réir mar a roghnaigh tú í i d’iarratas ar an bpróiseas roghnúcháin sonrach (próifíl/grúpa feidhme). D’fhéadfadh sé nárbh ionann an teanga sin agus an phríomhtheanga a roghnaigh tú i do chuntas EPSO.

Féadfaidh an tseirbhís earcaíochta measúnú a dhéanamh ar do chumas i dTeanga 2 le linn agallamh agus/nó trialacha eile a eagraíonn sí.

Bí cinnte go roghnaíonn tú na teangacha is fearr eolas agat orthu ionas go mbainfidh tú amach na torthaí is fearr duit féin le linn an phróisis roghnúcháin.