Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An féidir liom roghanna teanga mo thrialacha a athrú?

Comórtais atá ar oscailt

Is féidir leat do theangacha a athrú fiú amháin tar éis duit d’iarratas a chur isteach le haghaidh comórtas atá ar oscailt, ar choinníoll nach bhfuil an sprioc-am iarratais istigh. Nuair a bheidh an sprioc-am istigh, ní féidir an fhoirm iarratais ná do roghanna teangacha a leasú a thuilleadh.

Má chuireann tú d’iarratas in eagar tar éis duit é a chur isteach, ná déan dearmad ‘Cuir isteach’ a chliceáil arís. Mura ndéanfaidh tú sin, beidh stádas ‘dréacht’ ag d’iarratas i gcónaí agus ní chuirfear san áireamh é.

Féach freisin: Conas is féidir liom teangacha na dtrialacha le haghaidh comórtais a roghnú?


Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh

Ní féidir leat féin do roghanna teanga a athrú.

Seachas sin, beidh ort iarraidh a chur faoi bhráid EPSO tríd an bhfoirm theagmhála.

Tabhair do d’aire go bhfuil na riachtanais teanga sainithe i roinn 3.2 den ghlao ar léiriú spéise.

Féach freisin: Conas is féidir liom teangacha na dtrialacha a roghnú le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh?