FAQs
An féidir liom mo dhoiciméid a uaslódáil tar éis an sprioc-ama?
Question categories:
Ní féidir. A luaithe a bheidh an sprioc-am istigh leis na doiciméid tacaíochta a luaitear san fhógra comórtais a chur isteach, ní fhéadfaidh iarrthóirí doiciméid a uaslódáil chuig a n-iarratas.
Ní ghlacann EPSO le doiciméid a sheoltar le ríomhphost ná tríd an bhfoirm theagmhála.
Mar sin féin, i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, d’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin eolas breise nó doiciméid tacaíochta a chur ar fáil. Más gá, féadfaidh an bord roghnúcháin teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí trína gcuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí chun doiciméid atá ar lár a iarraidh, doiciméid chéannachta san áireamh.